- 4275] Ní baodhal feasda fian Luighne;
luibh a gcabhra dá gcriaidh féin
ar dearbhudh a bhfáth 's a bhfileadh
fáth meanman do chiniodh Chéin.- Luibh chobhartha chloinne Féilim,
4280] fáidh dhá ghealladh do ghuth ard
creidthear le cách é as a airrghibh,
gidh bé fáth dho thairrngir Tadhg.- Go díol a bhfiach le fuil Éimhir
ní iarr cead a chríche féin:
4285] do chuirfiodh rí a gcóir n-a gcoinne
nach bí do chóir chloinne Céin.- Geall re comhthoibh chríche biodhbhadh
blodhadh na sleadh, sníomh na gcolg;
an chuid nach bí ar chách dá chomhoidh
4290] as sí a ráth do thobhoigh Tadhg.- Caomhnoigh iath ar eighre Cormaic
clann airdríogh a n-uair nar mhair;
leigthear do rígh uaidh gan oighidh
do bhrígh nach bhfuair oighir air.
- 4295] Áth troda 'n-a thíthibh corcra
ó chuairt mhílidh Mhoighe Cró;
teacht re sgéloibh uaidh ní fhaghar
ar bhféghoin tsluaidh Dhanar dhó.- Do laghduigh Tadhg teisd a chinidh,
4300] clú a mhaicne do mhédaigh sé;
gé rug féin a gclú ar a gcomhair,
ar chrú Céin do fholuigh é.- Ar fhuil Chéin nír chuirthe a ndiongnadh
gan dáil cruidh do chor ós aird;
4305] do-gheibh cliar gan fhios dar-oile
a n-iarr ar slios toighe Taidhg.- Daoine 'n-a chúirt nar chleacht anóir
don fhuil ríogh ní raibhe a mbarr;
gairid uaidh san tigh a dtiaghair
4310] fir nach bhfuair a n-iarroidh ann.- Gá brígh dhóibh gan dol a n-éigean?
d'fhéin ar dTaidhgne tánoig súd,
cáin ríogh a n-aghaidh gach éinfhir,
raghaidh don tsíol Éimhir úd.- 4315] Go gcaithtear crodh chríche Danar
ní dó as doilghe díol dá bhfuair;
cliar agos í ag anmhoin aige
faghloidh don tí as fhaide uaidh.- Fine Chéin go chor an fheadhma
4320] aincidh iad ar fhaobhroibh colg;
go sgur dháibh ní iarr na harma
a ngrian áidh gé tharrla Tadhg.
- Feitheamh air nír fhada léise
a láibh samhruidh, a sín fhuair;
4325] ní bhí deibhiodh ar mhnaoi mhílidh
a ndeireadh laoi a cíghibh cuain.- Do theisd tar chách a gclú mholta,
a mheic Cormaic, cuiridh tú;
do-bhéra barr dh'fhine Éimhir
4330] file an t-am nar réidhigh rú.- Caithtear libhse laochruidh Chaisil,
a gclocha buadha, a mbruit tsróill,
ní airigh sgol ar fhuil Éimhir
nach bhfuil crodh dá dhéinimh dóibh.- 4335] Buadha h'arm dob aithnidh dhósan,
díoghrais eoil an uair do nocht,
do neimh ghona a ndiaigh a dhéanta
liaigh ag cora an échda ort.- Tug h'amharc, a oighre Máire,
4340] malairt datha ar dheilbh a gruaidh,
bann asd-teach at orchor aga,
fear le bhfoghthor aga uaibh.- Dod lucht othair a n-am deabhtha
daingean dóibh fa dhíon do chrann;
4345] laoich ar dho sgáth re headh n-éigin
táth a gcneadh gurb éidir and.- D'éis chumhdoighthe a chúirte bláithe
bheith innte ní hé gur shaoil;
ceandchor do hsíodh le fear bhfaghla
4350] gur bhean a díon d'adhbha aoil.
- Gan ghuais ghliadh gan ghealladh chomhadh
ceann cóigidh ad choinne thug
leigthior le cách é dot araidh
gidh bé a ráth dho raghain rug.- 4355] Slighthe cumhga ó chornoibh buadha
ón bhais go chéile ag cloinn ríogh;
cuid do chaoroibh bruaigh do bhleidhe
ar craobhoibh chuaigh eile um fhíon.- Ní mór mhaireas, a mheic Cormaic,
4360] don cholg bhaodhluch bhuaileas troid;
tairnig deiriodh na sleadh sénta
deibheadh cean gur dhénta dhoitt.- Fríth tre chraobhoibh do chuach n-órtha
iul go síodhbhrugh na séd mbuaidh;
4365] tig d'fhéaghoin ar bruach do bhleidhe
déanaimh ar chuach eile a n-uaimh.- Do bhac anmhoin re hucht tuile
tairthe ag éirghe dh'áitibh sriobh;
do chuir roimhe a dtrágh do thoradh
4370] lán mara nar omhan d'fhior.- D'éis chuartoighthe chríche Meidhbhe
do mhadh Luighne leanoidh sí;
nír shaoil adh a cor ó a céidghein
gail an tan do éignigh í.- 4375] Ní léir eas ó h'éignibh corcra,
'n-a gcnuas féin ní faicthear croinn;
dob fhiu a foghail ó gháibh gréine,
gonoidh táin a chéile a gcoill.
- A ndeoigh cliachdha cloinne Sadhbha
4380] sleachta feadhma a bhfhaobhroibh colg;
tig do ghleodh na seanlann sídhe
mearbhall fa eol tíre ar Thadhg.- Ní mór gur mhothuigh mac Cormaic
ar chuir dh'fheidhm ar fhaobhroibh bas;
4385] nír leig braon tar bruach a bleidhi
is fuath dhon taobh eile as.- Tug a arma ar iomlaoid datha,
deargais cathbharr, corcrois gó,
deargthor colg gan chora a gceardcha;
4390] Tadhg as gobha deargtha dhó.- Go dtug a ainm go hiath bhFódla,
fonn toirtheach na dtoluch n-ard,
tearc le bhfaghar fios a anma
slios caloidh a dtarrla Tadhg.- 4395] Meinig aincid eighre Máire
mná sídhe re seodoibh buaidh;
do-gheibhthear lá a dtoloidh throda
cobhair mhná dob fhoda uaidh.- Ní guais áidh, ní heagla bhiodhbhadh,
4400] do bheanfodh dhe dol ar ard;
do-chíthear tolcha bheann mBanbha
san ghleand dorcha a dtarrla Tadhg.- Mar sin chaithid cuid dá n-aimsir
d'oighre Cormaic san chrú sleadh;
4405] cuirid oidhche tar fhéin Luighne
a ngéill fhoirfe ag cuimhne a gcean.
- Orrtha chodoil chríche faghladh
fiadha í Chéin do chor ar aird;
mall do réidhigh re rígh oile
4410] tír ar ndéinimh thoile Taidhg.- A ghlés troda ar dteacht a n-iorghoil
do ísligh síos a seol ard,
saoilidh tóir dho iarr a harma
do chóir ghliadh nach dtarrla Tadhg.- 4415] D'éis a loitfe fa leith Modha
do mhac Cormaic creidfidh sí;
urradh críche Céin do chabhoir
tríthe féin do aghoin í. .N.B.F.F.L.- Go riar éigeas d'inghein Chathoil
4420] ní char bleidhe ná brat sróill;
ní bheir an chliar ar a chéile,
's do-gheibh riar fa a ndéine dóibh.- Suil do-chí éas cuid dá ceardoibh
Caiteilín gá aithne uaidh,
4425] 's an éara nach bhfuair an file,
do bhuail séla a ngile an ghruaidh.- Beag a maoidhimh, mór a bronnta,
a bláth tar chách cuiridh sí;
ní chuir seadh 'n-a mair dá maoinibh,
4430] bean ar toil gach aoinfhir í.- A Chaitilín, a chneas mínsheang,
gidh mór taobh a dtigthear thort
acht do mhaorrdhacht re dáimh ndoilidh
ní dóidh aonlocht oinigh ort.Ní baoghal.