- 3955] Comhla ratha run Fearghoil;
rún ratha rún an Luighnigh,
sreabha cróigh ó fheirg Fhearghoil
re seamroibh sróill deirg druimnigh- Budh coimseoir ar bhuaidh Bhanbha
3960] a doirseoir a n-uair fhoghla,
comhla re rún ríogh Teamhra,
síol Eadhra ar cúl na comhla.- Dún nach dúintear re comhloidh
an múr fa múintear mearghroidh;
3965] tomhus mhúir Fhinn a n-Almhoin
a ngabhloibh dhúin fhind Fhearghoil.- Mac Domhnoill ó fhiadh Adhar
mar Chian ar chomhroinn churadh;
soillse soir go slógh Laighean
3970] smól bhaileadh ar mhoidh Mhumhan.- Fuair a fhoireann fa inbhear,
fuair a bhfuair Oilill d'eangnamh;
cearchoill shuain a dtigh thalmhan
fa dhigh mhallbhan fuair Fearghal.- 3975] A shlóigh throma ó Thráigh mBaile
sluaidh orra ag dáil a ndighe;
fear rabhaidh dhóibh gach duine
Danair mhuidhe móir Mhidhe.
- Muir Ghréag do bhean ar bhiodhbhuigh
3980] 's gan fhear Grég ar an gormmuir;
cách san Luan ní bhía ar bhearnoigh
ó shluadh Fhearghoil dia Domhnoigh.- Lór dá bhrath a ghlún gléigheal
gach cath 'n-a mhúr dá mhaoidheamh,
3985] cuach óir fa dhigh ag dáileamh
ag áireamh shlóigh ghil Ghaoidheal.- An rí aonar a n-iomghoin
baoghal dá mbí ar an mbearnuigh;
fosdoigh sin aga a fhoghloidh
3990] idh shlabhruidh fhada Fhearghoil.- Flaith Breagh go mbí 'n-a leagbhrudh
bean mhaitlh do-chí 'n-a codludh;
d'aithle shlóigh Chua do chaidreamh
aigniodh nua don bhróin bheagbhan.- 3995] Marcoch mór mhoidhe Cliodhna
sróll roimhe ar glaclach gallgha;
ar son Fhearghoil Í Eadhra
crodh Eamhna a dTeamhroigh tarrla.- Ba seach bhíos rath is ríghe
4000] cíos na gcath ag cath Bhuille;
teisd a chion tar cheann dáimhe
fa fháinne ó fhior sheang Shúire.- Mac Éadaoine ó hSúir hsiobhloigh
ní cédaoidhe um Búill bhaillghill;
4005] clocha a bais fhearta Fhearghoil
bearnoidh ealta ar Ghlais Ghainmhigh.
- Doirr an fhir tug a thagha,
do roinn sin is rug rogha;
giolla séimh a sídh Dumha
4010] Mumha hsíl gCéin a chomha.- Tug romhainn caithréim Conghoil,
rug glainchéim Conaill Chearnoigh,
tug a chreach ar cionn tsamhraidh
faghlaidh a dteach fhiond Fhearghoil.- 4015] Gaoi ag mac deaghlámhach Domhnoill
ar ghabhlánoibh ghlac mbairrshlim
giolla geal donn a Duibhlinn,
far thuirrling tonn mhear mhaillbhinn.- Teithmhi siar ó bharr Beirbhe,
4020] feithmhe Gall um fhiadh n-Aidhne;
téid Fearghal do lár Luighne
lán bruighne um ghealmhagh nGaillmhe.- Ag só a rádh re rígh Mumhan:
lámh re tír dhó fa dheireadh,
4025] dol ód chion, a fhir Adhar,
anadh dh'fhior a dtigh theineadh.- Fíon ón Mháidh aoibhinn easmhoill
ad laoidhing láimh re Glaislinn;
da bhrudh chorr ós linn luschoirr,
4030] long n-a hursoinn fhinn fhairsing.- Goill libh at aighidh dh'iomghoin,
Laighin libh agas Luighnigh;
Goill thall at iath, a Fhearghoil,
a leanmhain Ghall Chliach cuimhnigh.
- 4035] Ar lámhachadh lann gclochdhonn,
ar sárachadh Ghall nguthmhall,
a glún cuire tre a chathbharr
fachlann úr bhuidhe bhuncham.- Sgiath go n-ór ndluigh a ndeabhaidh
4040] ar thriath mhór mhuighe Fuinidh,
gidh bé a-nocht do-ní dh'fhadhail
lochd faluidh dhá mbí a mbruighin.- Biaidh a shíoth mar ghréin gheimhridh
ót fhíoch ag béin re bearnaidh;
4045] mar shruth gan tocht a dtalmhoin
guth faghloidh ort, a Fhearghoil.- Slógh dathta fa chleith Chliodhna
lón reimhe aca dh'ealbha
fiadhach shléibhe buig Banbha
4050] cuid fhaghla fhéine Í Eadhra.- Feadha croidhearga ós cheochuan,
sreabha soineannda a síothúdh,
braon trom dhá chor um Chruachán
do nuathál adh gcorr gcíochúr- 4055] Nús dearg a cíghibh cédagh,
drúcht do línibh learg ndíggeal,
grian ar cul na gcoll ngéiggeal,
éidiodh chlúmh ndonn dá ndídion.- Fál gég gan unacht iompa
4060] le lubhghort séd fa sompla,
fiodh claon um Theach an Teampla,
deargcna cleath go caol gcolptha.
- Guais d'fhionnmhoine Ghall nglúnghlan
barr fiodhbhaidhe go fíorbhun;
4065] doinne ar cúl na gcoll mbáingheal
ó shúdh áirneadh gcorr ccíorrdhubh.- Mionn ríogh go dáimh fa dhoinnmhiodh,
fíon fionn dáibh ar n-a dhearbhadh;
a chroinn mheala is Muaidh mhallghlan
4070] adhbhur meadha fuair Fearghal.- Flaith Macha ag léim a loingidh
ar léim an chatha cinnidh;
sagh an laoich a loing ceandoigh
dá sgaoith bheannduibh luim lingidh.- 4075] Rí gealMhacha a múr mhallbhan,
súdh ceannbhracha 's dá choinnmheadh;
ceannchaidh bean 'n-a fhonn d'Fhearghal
treabhradh geal donn um dhoinnmhiodh.- A dtimchiol chuirn mheic Mhorna
4080] cuirn Cheit fa chuirm Í Eadhra;
Aifreann luath do bharr Banbha
a n-am fhadhla a mbruach Bhearbha.- Ó Céin um Chruachoin gcloidhmhigh
fa réim Thuathoil a dTeamhraigh;
4085] sluadh an ríogh go lind Luimnigh
Muimhnigh fa fhíon fionn Fearghoil.- An fear eile as é an t-aoinfhear
's ní hé fear Éithne ó aomhadh
troid ag rígh ir rí Taoighean
4090] aoinfhear dhíbh do bhí a mbaoghal.
- Seol ós luing acht dia Domhnaigh
ar tuinn ní bhia gá bhiodhbhoidh;
uaigneas a dtoigh fhinn Fhearghoil
ó leanmhoin doimh hsing hsiobhloigh.- 4095] Dá dheigheach bhreagh bhróiggeal
cleath Eamhna is sé san éigean
féachfaidh craobh Dhor a dhídean
tor díggeal d'aol dá éideagh.- Ní fhuair tóir acht tóir chabhloigh,
4100] ní luaidh cóir re cóir Luighnigh;
ríoghna troma dh'fhios Fhearghoil
leanmhoin orra ó lios Luimnigh.- Ó a chíos a mbliadhna ar Bhreadhoibh
cíos Iarla bhíos go brughaidh;
4105] rachoidh sí cró tar comhaidh
ní fhoghoin dó an ní a-nuroidh.- Rag créachdthaobh a gceann coirrshleagh,
éntaom as fhearr dhon eangnamh,
leath dhó dho bhuaibh a bhiodhbhudh;
4110] iongnudh nach mó fuair Fearghal.- Gasroidh mhór mhílidh Coruinn
ag síneadh re slógh Cumhoill;
léir sin ar síoth 's ar soininn
fíoch ar fhoirind fhir Umhoill.- 4115] Le heachroidhibh fhuinn Fhorbhair
go luing leanfoidhir faghloidh;
eathar seang fada Fearghoil
leanmhoin aga ar cheand gcabhloigh.
- Le Fearghal a n-uaimh fholaidh
4120] do dearbhudh cruaidh a chloidhimh;
fear slabhraidh truim tar teinidh
beiridh faghluidh fhuinn Oiligh.- San earruch fhuair an samhradh,
go hearruch fuair an fadhmhor;
4125] ar dhruim cuain ghloin fan geamhradh
fuair Fearghal soir an samhradh.- Fa dheireadh dhó a n-ucht fheorann
mó sa mhó lucht a lámhonn;
tosach eoil fa fhíon nuadhonn
4130] ag buabhall ríogh mór Málonn.- Rí Luighne na lann mbadhbha
mar Ó Dhuibhne a n-am fhoghla;
bas bhán Fhearghoil Í Eadhra
dearbhoidh gealgha ar clár comhla.Comhla