- Damh féin do choigleas Oilill,
gá bhfios nach oirchill mhaoine?
ní theagbhann cnuic ná sléibhte
3910] dá chéile is teagmhuid daoine.- Giodh táid an t-ord dá bhfuilim,
mar do-chluinim, dá chaitheamh,
cia a-deir nach meisi as bhuaine?
geal gach nuaidhe nach bhfaicthear.- 3915] Ní léire luas ná moille,
fáth mo thoile gan choimhling;
níor chuireas cúl re a chleachtadh
ar son gur sheachnas Oilill.- Dá mbeind re críonnacht éda
3920] damh féin ag déanamh ciste
uaisle éirghe ná leagadh
fo dheireadh sheasfas mise. Io xmb 1653- An seanfhocal ní fédthar
do bheith brégach an tansa;
3925] do-chí súil ní nach sillionn
más fíor grinnioll na hannsa.
- Mac Cormuic aigneadh aireach
fear le taithmheach an fhíorrath
a beith agam ná ceileadh;
3930] as gnáth deireadh ag díoghruis.- Ag saoithibh dealbhtha ar n-oige
gé tá 'n-a choigle an tráthsa
a leigean dóibh as ionmhall
acht go ndiongnann sealbh sásadh.- 3935] Más oircheas an cion táirthear
ar dhán nó ar áineas bhfáthrúin
dúinn ní féidir gan dortadh
éigin nochtadh don nádúir.- Oirill Ó hEaghra ar shaoidheacht
3940] breo re sgaoileadh na bhfoichleas
ar gus ar aipcheacht seanta;
dual gach ealta mar oiltear.- A cceann gach oirbheirt iomláin
tús m'iomráidh do-bhér dósan
3945] mar aon is sgaith ar cceirde;
feirrde gach maith a móradh.- Ar fhéile, ar iocht, ar eangnamh,
ar rath dearbhtha gan bhaoghal,
tuigidh Oirill an uairse
3950] gur buaine bladh ná saoghal.- Ní beag nod do na heolchaibh;
más deoraidh mé coimhling;
giodh eadh mh'annsa ní haisling
as damh féin chaiglim Oilill.Damh féin.