3495]- Inghean tSearluis nach claon cuing
Brighid iathghlan inghill
dá haobhacht nochar bhean béim,
bean gan aonlocht i n-aoinchéim.- Deallramh seirce 'n-a haghaidh óig,
3500] gnúis áluinn nar thuill conspóid,
bean shéimhidhe ghrinn ghasda
chéillidhe bhinn bhéalbhlasda.- Gliocas tábhocht is tromdhacht,
féile mhór is measardhocht,
3505] gan tnúth ná caidreamh re col
fa rún 'n-a haigneadh uasal.- Fuil Bhúrcach ní cóir a ceilt
a-tá innte go hoirdheirc,
treoin rer ffearr a cclú do chur,
3510] fa teann ar brú gach bearnadh.- Síol cCunchabhair fa a corp slim,
móide a hurruim go hinghill
'n-a cneas úr go cinnte ceart;
a lúdh innte dá huaisleacht.
3515]- Ní huaisle an fíon iná a fuil
banua Í Ruairc bhuig bhronntaigh,
deaghua Í Néill 's Í Bhriain Bhreagh
gan bhéim gan chiaidh 'n-a caidreamh.
- Ciall agus fos is féile
3520] innte ó dúthchus deaghfhréimhe;
do tógbhadh le cách i ccion,
bláth na n-ógbhan an inghion.Inghean