- Malairt chrotha ar chrích Luighne;
 
3140] do-chuaidh uaithe ar éaccuimhne
a hanchruth ó 'né go 'niodh;
do sgé a n-amhlach a hinnriomh.- Do theilg dhí a deilbh mbrónaidh,
 
do dhiult dá dúil n-ochónaidh,
3145] do reac uaidh a dreich ndubhaidh,
do theith gruaim ón ghealtulaigh.- Deallradh corcra chnoc nuaidhe,
 
briocht seirce síoth bhféaruaine,
meas órdhuighe re a ccrom coill,
3150] is coll chnóbhuidhe i ccrobhuing.- Duille glasa ag gormadh fiodh,
 
caora donna a ndath doiriodh,
tír fholtsholuis na n-eas nocht,
boltonuis leas is lubhghort.
3155]- T'aire riot, a ráith Ghráinne,
 
cuir fad ochtaibh úráille
ba ccaoir ndeirg ndoinnfhéoir ndathaidh
fan leirg moingréoidh minsgathaidh.- Coimhéid coimheid, a mhadh Marr,
 
3160] nimh fhormuid d'inghreim t'fhearainn;
ná faiceadh fear iomthnúidh ibh,
a bhean an fhionnchúil fhailghigh.
- Déana an ccéadna, a chríoch Ceara;
 
cuir fad chéibh coillgheala,
3165] a bhean na mbláth n-iongnadh n-úr,
sgáth dod ionnramh ar iomthnúdh- A-tá timcholl do thaobh nglan
 
briocht gach sgéimhe dod sgiamhadh,
do bhrotha loinneardha lil,
3170] sgotha doinndealbhdha druimnibh.- Barr comhchorcra ciomhas learg,
 
gile choille craobh ndoinndearg,
srotha meadha is foighreadh fair
doinnbhleadh na meala muchaidh.
3175]- Do breithfidhe, a bhean sgiamhach,
 
ar nochtadh t'fholt n-óirsgiamhach,
go mbí, a dhealbhdha ghéigil ghrinn,
meanma éigin fat inntinn.- Ciodh nach náireach dod chéibh ccais
 
3180] sgeith antola agus álghais
tar an ccuid oile dh'iadh mBreadh,
mian do thoile nó an dtuigthear?- Tuigim, tuigim, a ndearnais,
 
a chríoch an fhuinn oirearghlais,
3185] tar magh Meadhbha an bhrogha binn,
meanma do thola tuigim.- Do-chuala thusa, a ghnúis gheal,
 
Oilill Ó hEadhra d'fhilleadh
is do dhreach gheal dh'innioll ort,
3190] a bhean na n-innioll n-éattrocht.
- As dó tuguis trillsi sreath
 
ar t cholbhudh do chiabh ffáinneach,
a ráth na n-aoillearg n-amhra,
fan bhláth ccaoindearg ccorcardha.
3195]- Dámadh sochar a rádh ruibh
 
as náireach dod chéibh ccochluidh
bheith ag síorfhosgladh chíogh ccorr
do ghríobh fhíorrosglan eachtronn.- An cleas céadna cian ó shin,
 
3200] do nocht tusa, a threabh Thailtigh;
do riuga slóigh Shléibhe Muire
an glóir fa n-éir h'ionmhuine.- Do bhádhais dá bhliaghain déag
 
an uairsi ag flaith na bhfinnghéag,
3205] 's do bheith ní as sia toil ar toil
gidh toil le Dia bhur ndeadhail.- Nó an measfá, a shuirgheach shaor,
 
go roichfeá muirnn don mhacaomh
as na hiomráitibh fhuair sibh
3210] fa sduaigh n-iomráitigh n-Imligh?- Fuarais uime an Fionn físeach;
 
náire, a mheirdreach mhailíseach,
gidh daithbhéasa as dú dod chruth,
an t-aithghléasa 'nú as nárach.
3215]- Bíodh nach náireach red dhreich nduinn
 
bheith baoth fad chéile cumuinn,
do sduaigh chúilte na ccladh ttais
nocha múinte an tol thugais.
- An tráth do thaisbéain tusa
 
3220] don Oilill Ó Eadhrasa,
a ainnir nar aomh acht leis,
sgainnir dá thaobh do thuillis.- Gur nocht tusa roimhe a-rís
 
le meirdreachas le mailís
3225] adhbhar gotha dod ghruaigh ghloin,
a stuidh an chrotha chonchoir.- Ar céill, ar cruth, ar iongnamh,
 
ar airghibh th'iath n-inniolghlan,
do-bhér Philis d'ainm oraibh,
3230] a phailm mhilis mhiodhamhail.- Ag so an éainbhean dob fhearr toil
 
dá fear féin ar feadh domhuin,
's as tú a-bháin, a bhean Cheara,
fat fhear lenb áil t'ailgheana.
3235]- Ar Philis aithréasad sgéal:
 
tug Demophon, prionnsa Aitéan,
tonna tol dá taobhréidh ttais
d'aoinmhéin ria ndul 'n-a díoghrais.- Searc a croidhe mur an ccéadna
 
3240] tug sí don donn dreichdhéadla;
grádh a meanmamór an cion,
clódh a dealbha iar a dhéiniomh.- Seal mur sin dósan is di
 
's iad i cconchlonn a chéile
3245] go rug umhlucht ó a iath féin
ar thriath ughnocht na n-Aithéin.
- Do ghléas rí na rosg mbarrghlan
 
cabhlach luchtmhar longadhbhal
ler thriall an sliomfholtach séimh
3250] go fiadh iongontach Aitéin.- Nach beith sé acht mís a-muigh
 
do gheall don ainnir ionmhuin;
mo-nuar nír choimhlíon ar chan,
as truagh doighníomh re dhéanamh.
3255]- Do bhíodh a súil leis gach lá
 
an t-am tairsi gur théarná;
ní bhíodh ar aire a gruadh nglan
acht faire chuan is caladh.- Tuitidh sisi i seirg ndubhaidh,
 
3260] i tteinniss 's a ttromchubhaidh
sduaigh na ndonnlámh ttirmgheal ttais,
lomnán d'imneadh is d'achais.- Do-chuaidh ass re crádh croidhe,
 
do ghabh d'uch is d'eolchuire;
3265] do bhí an mheirbh i mian ceasa
's a pian ag deilbh dhoilgheasa.- Táinic d'fheartoibh Dé na ndúl
 
a corpán criadh do chlaochlúdh,
crann lomáin go ndearnadh de
3270] don leannglan bhfolláin bhfinnse.- Tig Demophonolc an t-am
 
dá éisse le sluagh n-éttrom
tar mhuir ri géigneadhaigh ngil
go tuir ttréidshleamhain tTraisigh.
3275]- Iar ttocht dó ós chionn an chrainn,
 
do ling crobhuing chaoin bhalsaim,
as cíoghuibh a cceas a-mach,
tre ríoghain na ccleas ccruthach.- Tig as na craobhoibh céadna
 
3280] duille gormgníomh uaithbhéalda!
lingidh doinnghreas caol ccorcra
tre ghoirmeas craobh ccorcordha.- Do dhoirt sé déara millse
 
do bhláth craobh a croicinnse,
3285] 's do chéibh na ccladh mbraointe mbán
d'fhaoilte da cur ria a compán.- 'S é ua n-Oilill an fearsa;
 
's í críoch Ceara an ainnearsa,
ler sgeth doirneimh ccaoimh ccorcra
3290] do chraoibh móirShléibh Mhucholta.- Do phós tusa ar ttosach ruibh
 
na trí Luighne, a fhlaith Conghair,
mun ttolaigh saoir ttaoibhfhinn ttais;
dob aoibhinn daoibh 'n-a díoghrais.
3295]- Táinic treimhse 'n-a dheaghaidh
 
umhlocht ort ón ccinneamhain,
ón ríoghdhacht saoir ngéigil nglain
gurbh éigin daoibh bhur ndeaghail.- Dod easbhaidh gur éag sisi
 
3300] créd sin fearacht Filisse
le maothbhrón a magh ndoireach
do ghabh claochlódh comhoidheach.
- Iar bhfilleadh duit 'n-a dhiaigh so,
 
a Dhemophon cláir Cheara,
3305] do cheil sí a héccruth ort,
ní bhí ag éagnach ar th' amharc.- A ndíl na tola tug dhaoibh
 
fuirighsi feasda, a mhacaoibh,
mar luach 'n-a daighmhéin disi
3310] an tuath lainréidh Luighnisi.- Fuiridh aici, oir dhisi,
 
má tá an t-anam intisi;
beir meas ar a méin mbádhaigh,
téigh sé cneas do chompánaigh.
3315]- Leag do chíos, cuir do chánaigh,
 
bóruimhe n-uill n-éadálaigh
mun ttír mbratghlain ngléishlim ngloin;
glantar géibhinn red ghiallaibh.- Don chuid eile d'iath Banbha
 
3320] dealuigh uile th'athardha,
a fhlaith fial ó iathmhoigh Bhreagh,
ná fiafruigh triall 'n-a thimcheall.- I ccrích Éirionn an fheoir bhuig
 
ná lean acht lorg an charbaid
3325] do thír athardha budh-éin,
a chathardha shídh shoiléir.- Ná hiarr roinn ar fhréimh Éimhir,
 
Dál cCais, síol cCuirc ccaithréimigh
sluagh na síodh ccorrbhroghach ccuir,
3330] ná ar síol ccomhraghach Carrthaigh.
- Ná leig dhíot ar Chaisiol Chuirc
 
trácht Muaighe an inbhir orrdhuirc,
ná Eas Dara an ghoirmfhéoir ghlais
ar ana dhoinnréoidh Durlais.
3335]- Ná leig dhíot ar Dhún na Sgiath,
 
ar chuid ranna ó fhréimh bhfinnChliach,
fad do bhuinn d'fhearann Acla,
ná seanfhonn fuinn Fiogharta.- Ná tréig coidhche, crosaim ort,
 
3340] do chuid féin i ccrích Connacht,
a bhreac Eithne go moing mheir,
ná roinn do leithe i Laighneibh.- Bíodh go ndleaghair dod dreich ndil
 
roinn d'fhagháil ó fhuil n-Éimhir,
3345] ag so an roinn as dísle dhuit
don tírse Chuinn is Cormuic.- Le deich ccéad bliadhain go beacht
 
a-tá sí agaibh d'oighreacht,
luach t'fhola ó chath Crionna,
3350] a fhlath fhola an Oiliolla.- A chosc 's a choimhdheargadh gleoidh,
 
a chúis iomluit an ai-eoir,
a tháth síodh, a chonmháil cheall,
dá spíon orghráin na n-airdreann.
3355]- A dhíon cléire, a chuing crábhaidh,
 
a cheann an uird iollánaigh,
a mheabhoir gá mbí a bun,
a leabhoir na ttrí tteangan.
- A fhuaradh ar theas ttreasa,
 
3360] a theas ar fhuacht bhfuairthreasa,
a dhál dá ndéntar turadh,
a lámh éachtmhar easumhal. Malairt- Fad ghrádhsa don dúin deighshíl
 
ná bíodh éad ar Eibhilín,
3365] a ua na ríogh ngéagghlan gan gheis
ná bíodh éadmhar let Fhileis.- Ó thug mé malairt uirthe,
 
sdíomh na ccamóg ccochluichthe,
ó as í mo sheisi a n-iath Airt
3370] ní bhiath meisi dá malairt.Malairt.