3035]- Fáth cumhadh ag crích Luighne
an ghuais fuair, fáth rodhoilghe;
do bhí ag tuar dérchumhadh dhí,
néllphudhar mo-nuar uaisdi.- Ógbhadh Luighne lán do ghoimh
3040] tre ghuais bháis bhiodhbhadh Forbhuir,
lán an deorchuire ó Dhún Cuirc;
as túr eolchuire d'aghaint.- Guais bháis do bheith ar Chormac
mhac Céin barr na mbogroshlat
3045] tuar mímheanma druim ar dhruim
do chloinn ríEadhra ó Fhréamhuinn.- Bheith lán do ghuasacht ma a ghoimh
fiu an chomaoin do chur orthoibh,
clanna úirEadhra ó iath Bhreadh
3050] fan fiar clúimhearla coillteadh.- Tre lár sluaigh ar son na nGréag
meinic do cuireadh croimshdéad
uile tar a sursainn siar
le hursoinn muidhe Maicniadh.
3055]- Ag díon a oighreachda ar oil
meinic do dhearg a ndebhthoibh
lann chruaidh as goirméidiodh glas;
fuair doirbhéigion fan dúthchas.- Tadhg Buidhe le mbiathtaoi broin
3060] an tan do thuit a bhráthair,
planda saor dóidleabhar dil
dob óigleanabh craobh Chaisil.- Iar tTadhg mBuidhe barr Clochair
do shuidh síol cCuinn Chéadchathaigh
3065] a ccleathLuidhne na ccuach tte
na creachbhuidhne ó bhruach Búille.- D'éis Taidhg Bhuidhe do bhuain de
is sé trá a ttús a aoise,
an bheochnú ar n-a crádh d'íbh Cuinn
3070] tár a fheolchrú nír fhuluing.- Tug ann sin ar sén uaire
d'fhóiridhin a anbhuaine
ruaga leabhra do chrú Chuinn
Ó hEadhra an chnú ós chrobhuing.
3075]- D'eagla Í Eadhra na n-arm nocht
an uairsi a n-íochdar Connacht
ní bhíodh creach achd creach fa choill,
's ní bhíodh each acht 'n-a hughoim.- Ní bhíodh colg acht ar colbha,
3080] ní bhíodh fós fiu an énomhna
tiar tre chliathghaoith cláir na bhFionn
gan láimh triathlaoich 'n-a thimchioll.
- Ní bhíodh mér achd mér ar sleidh,
ní bhíodh ard gan fhear bhfeithimh
3085] thiar do sgáth a ghníomh ngoile
's ní bhíodh áth gan fhoroire.- Ní bhíodh lúireach achd lán d'fhuil,
ní bhíodh bearn acht bearn ghábhaidh,
is ní bhíodh teach acht teach nocht,
3090] creach ní bhíodh acht dá bhárdocht.- Treall dó mar so ag biathadh badhbh,
agus ag corcradh catharm,
's ag síorchogadh fa sógh fhliuch,
's ag ól fhíorthobar n-uaignioch.
3095]- Do bhean Cormaccéim sochair
as láimh shíl Chuinn Chédchathaigh
cóir a chor a ccuimhne dhi
Luighne ar an ccor ad-chluinti.- Críoch Luighne na linntiodh ngeal
3100] nó gur chosain ar éigean
fleasg Lí nír chagoil a chorp;
dí do adoimh a annsocht.- Dámadh baoghlach dá bharr nocht
nírbh iongnadh d'éis a ndubhort
3105] bheith do shíor tuirsioch dá thréd;
do bhíodh coisfhliuch dá ccoimhéd.- Dlighidh Luighne na learg bhfionn
tre a ndearna dhí do dhíchioll
guidhe le Cormac Cearmna,
3110] donnshlat muighe mínLeamhna.
- Dlighimsi féin tar gach fear
guidhe le Cormac cneisgheal,
searc druadhollamh na nduan mbinn,
tre bhfuaramar uadh d'uirrim.
3115]- Dlighim guidhe le géig Rois
dá dhuais dána tre dhíoghrois
's run is fíon damhsa do dháil
is díor an annsa d'admh áil.- Síol Eadhra nar éar duine
3120] 's iad riamh ó ré an chéadduine
ní dóigh achd as deimhin linn
'n-a róimh einigh a nÉirinn.- Cormac mhac Céin cleath Eachtgha
ag ionghaire a oighreachta,
3125] re a dheabhaidh do ba díor sgáth,
do bhíodh 'n-a dheaghaidh deargáth.- Cnuas a láimhe a láthair gliadh,
Mág Aonghusa na n-óirsgiath,
nír shaor ceann Bladhma ar an mbás;
3130] do dhearg a arm ar éachtáth.- Mac Í Ruairc nar char conách,
Conn a n-uaidh 'n-a aonarán
ní beag do chrádh tinn mar tá
lámh nachar fhill ó eachtáth.
3135]- Nír char eachradha ná ór,
Peadar do fhuilngeadh annró,
ná cuach ailtgheal go bhfuair bás,
ní fhuair flaitheas le fuarfháth.Fáth.