2535]- Beiriodh easaonta d'fhuil Chéin;
d'easaonta ní fhuil 'n-a ndiaigh
nach bí a ndíon 'n-a bhfoltoibh féin;
síol gCéin ní gontoir a ngliaidh.- Síol gCéin gan fhaloidh gan fhíoch
2540] gá réir nar thabhaigh dá ttriath?
díol sein 'n-a ndearna dhá ndíoth
do-gheiph síoth Í Eadhra dh'iath.- Mór ndaoirchean ndoilidh 'n-a dhiaigh
nar saoileadh do shoighin shídh,
2545] rí 'n-a cheann gan chabhair hslóigh,
tóir as fhearr ler thabhoigh thír.- Laoich ag géarughadh chleath gcaol
gach treabh fa éanomhan uadh;
do-rinne toil na tTrí tTriar
2550] an chliar do bhí ag goin a ghruadh.- Fiu an aisgidh do chuir le cléir
a ghoin a n-aisgidh nach bhfuair,
díol a érca dh'ighibh óir
do-chóidh dh'fhilidh échta uaidh.
2555]- D'éis a échta um fhionnmhagh n-Ír
dob iomdha déra gá ndáil;
cuirid laoich ós línibh cuaigh
maoith fa uaigh mhílidh ar mnáibh.
- Go cneadhoibh ní léigthear liaidh
2560] a n-éigean go mbearar buaidh;
do dheithfir fheadhma ar fhuil Táil
narbh áil goin Í Eadhra dh'uaim.- Ní adoimh deaghdhath re ndáimh,
ní casmhoil is Cormac féin;
2565] ag so a bhfoil gan adhnadh uaidh,
goil a ngruaidh fhoghladh ní éir.- Cáin ríogh gach talaimh dhar tháith
mar dhíol a sgoltaibh a sgéith;
do caoineadh uaidh an t-éacht laoich
2570] le bhfuair ghaoith dá chréacht a gcléith.- Rí dob eighir ar iath n-Ír
'n-a gheimhil nó gur dhiall dáibh,
go díol fhiach a fhileadh féin
triath ag féin Lighean a láimh
2575]- A gcumhoil ó othar fhuair
a thochmharc le tuloigh mBriain;
beith ba fhleigh an bhrogha ós Bhóinn
do fhóir neimh a ghona ón ghliaidh.- Mór n-eachtra nach adhbhur rúin
2580] ar Chormac fa cheantoibh cáigh
sgeoil naoidhi dá gcleith ag cléir
go breith ar fhéin Daoile dhóibh.- Dob fhiu in cleachtadh faghla fuair
nach beantar le hadhbhaidh n-Ír;
2585] sirthear le fear ceart í Chéin
do bhean chéill do theacht a dtír.
- D'fhoghoil a gcleachtadh do chuir
don eachtra go ttabhair toil;
nó gur sireadh triall do thoigh
2590] nír loigh riar an fhileadh air.- Aoidhe ní fhuidhe 'n-a ndiaigh,
na maoine chuirid le cléir;
doilidh boing fa dhuais do dháil
is guais re ndáimh ar chloinn gCéin.
2595]- Ná bí feasda dh'adhbhuidh fhuair;
do neartsa tharrla ar gach taoibh;
do cuireadh fear h'adhbhair uaibh
do bhuain chean dá gabhloibh gaoil.- Tiltear le neart Inis Ír,
2600] as a cheart do dhlighis dóidh;
ní bhéarudh sein bhreith le báidh
fáidh a-deir do bheith ós Bhóinn.- Mór bhfoghluidh 'n-a orroidh uaibh,
a Chormaic, le gceangoil tír;
2605] tarraidh triath dot fhaloidh n-óir
gur thabhoigh chóir ar fhiath n-Ír.- Sgeoil t'fhoghla ag gach duine dhíbh
ar shuidhe san adhbhaidh fheoir,
suan ón bheirn san oidhche ar hféin,
2610] a bhfeidhm féin ag coirche cheoil.- Goin budh roibheag ar áth n-áidh
a hoiread gan táth dá thír,
gan tarbha a ngoin t'fhoghluidh dh'uaim,
mar soin dar fhuaidh d'adhbhaidh Ír.
2615]- A nguais t'adhnoidh ní tearc tír,
a Chormuic nach cleachtann chlúimh,
uaimh hsídh do fholoigh ar hféin
ní léir tír ó dhoighir dhúinn.- Lucht eolois mar thriallae a ttráigh
2620] 'n-a ndeoraibh fa chliathmhadh Céin
ag so a bhfoil gan adhnadh uaidh
goil a ngruaidh fhaghladh ní éir.- Iomdha airrghe foghla fúibh,
a Chormuic ler toibhgheadh thír,
2625] ní leigeadh daoibh h'aphra dh'uaim
na saoir do fhuaidh adhbha Ír.- Roinn choinnmhe ar thobroibh ós thráigh
dot obair, a oighre Céin;
iongnadh le mílidh airm óir,
2630] gairm óil bha fhírshreibh ar h'fhéin.- Dóibh ar-aon as ionann méin,
a ngaol ris an sriobhmhall sídh
cosmhail í ret ealta shlóigh,
ní bhí Bóinn re teachta a dtír.
2635]- Cleachtthor an t-éagnuch ar h'fhéin,
gach énshruth a n-easbhoigh lúidh;
maoidhidh fear tar aisgidh n-óir
an tsreabh fóibh d'fhaigsin a húir.- Gan chomhlot oirir dhar fhuaidh
2640] do Chormuc as soighin sídh;
srotha tiorma ag triall ó thráigh
do bháidh do dhiomdha ar fhiadh n-Ír.
- Tar fionnshruth feacthar a mbarr
do cleachtadh na bhfiodhbhadh pfionn;
2645] ar ndol tre chíghibh cíogh gcorr
braon trom 'n-a línibh ós lionn.- Faoidh bhionnshruth a ccomhar chiuil
le foghar iongnadh gach eoin
geall re haisgidh na sreabh sídh,
2650] fear lín ag claisdin a gceoil.- Maoir thobhaigh ar hsealbha a hsean
d'Ó Eadhra nach cogoil crodh,
aithreach ar fhiar d'fhéigibh feadh;
rian na sreabh ní héidir dh'or.
2655]- Siad ar ceilt um oirear n-Ír
na hoirimh ar mbreith a mbuaidh;
nuall treaphthoigh ag cosg a gceoil,
eoin n-a ttosd ós thealchaibh tuair.- Caithfid dola a n-aisgidh uaidh
2660] na srotha a ngaisdibh ag gréin,
ar áitibh sreabh achaidh Ír
fear lín do dhathoigh a dhéoir.- Croinn toraidh an mhuighe ós Mhuaidh
do chobhair mar chuirid súil,
2665] ní dhligh guidhe re cloinn Chéin,
coill nach éir a huille dh'úir.- Do íoc mar soin comhlot cáigh
ag sgoil ar Cormac do-chóidh;
gonoidh file grian in ghruaidh
2670] tar bhuaidh ngliadh na hidhe óir.
- Mall ghabhoid bha échtmhuigh Ír,
ní sgaroid re sgéloibh cuain,
ealbha i ngach éineing dá fhéin
béim Í Eadhra ar Éirintt d'uaim.
2675]- Inghean Toirrdhealphaigh triall mall
a riar do oirbheartoigh fhonn;
as a fíonfhuil a-tá a teann,
geall mhná re ríoghoin ní ronn.- Le mbí orra d'ainbhreith dhruagh
2680] cairdi do dhola ar a ndíol
d'fhuil Raghollaigh nír chleacht cliar,
tearc riamh acht daghurroidh díobh.- Cliar nuaidhe do dhéine a duas
ní théighfe a gruaidhe mar ghrís;
2685] sgol ar Caitilín ní cás
fás daighceiníl gá bladh bhíos.Beir.