- Fada re huaisle cland Chéin;
a-táid re hathoidh n-imchéin
ag cathochodh thiar is toir
bha sgathachadh bhfial bhFionntoin.
2455]- Ó dho chuirsead cath Crionna,
leomhoin go gcruas gcoimhlionga,
laoich fhromhtha ar nar cinneadh cath,
nír filliodh orrtha i n-énrath.- Gérbh iomdha cath is cogadh
2460] go fóill riamh a rabhadar,
croinn ós fheadhoibh tholcha Táil,
nír mheabhoidh orrtha i n-éancháil.- A-tá cogadh nuaidhe a-niodh
ar hsíol gCéincóir a mhaoidhiomh
2465] nar iomchrodoir roimhe riamh
fiondphobal mhoighe Maicniadh.- A gclú gé do-chóidh a bhfad,
as sé an cogadh nar chleachtsad,
sluadh ogal céillidh connla,
2470] cogadh éinfhir ealadhna.- Gin go ccoisgeadh clanda Cuind
síol gCéin mheic Oilill Óluim,
coisgfidh mé iad um aonur,
siad re a ré gan robhaodhul.
2475]- Do cuiriodh oroind, más fhíor,
beagán d'fhuighlibh tre fhairbríogh
do rádh re caithbhile ó gCéin;
aithrighe dhob ál aindséin.- Tarrla dhúinn 'n-a dheaghoidh sin
2480] bha cheand gcorma uair éigin
bha dhán bhadh céillidh gcomhráidh
glór bhar éirigh iomorbháidh.- Do labhros, gér bhorb an bhreath,
mar do bhí mh'indtinn uaibhreach,
2485] gan oirrim cháigh dá chéile
re coindil Cláir Choirrshléibhe.- Fine Chonoill is cland Néill,
tairrngeartoigh Éiriond iaidséin,
fir chumoind fa cruaidh gcogoidh,
2490] urroim uaim ní fhuarodair.- Ní um gabh eagla rompa riamh,
síol gConchobhoir, cland Uilliam,
ná síol lond toirbheartoch Táil,
drong fa hoirbheartach n-iomráidh.
2495]- Síol na gColla gidh iad and,
cland Charrthoigh chríche Frémhann,
nó Gearaltoigh grádh gach fhir,
deaghaltroimh na ndámh nduillidh.- Cath oirbheartoch Aodha Finn
2500] do-ghéabhoind uathoibh uirrim,
's ó amhsoibh Éiriond uile,
gasruidh mhéirsheang Mhaonmhuighe.
- Nír éisdios le hÓ nEadhra,
bím teand ar gach dtighearna,
2505] fear do ghabh le cabhoir gcáigh
cor 'n-a aghoidh dob éagcáir.- Do-rinde mé is mac Úna
troid dob fhachoin iomthnúdha
far éirigh fearg na flatha
2510] dar cheard déinimh deaghratha.- A-tá sind ó sin a-le
a ngoil chogoidh re chéile;
biaidh a-rís róinn gan ghábhodh
grís as chóir do chombádhadh.
2515]- Guais as mhó le clandoibh Céin
gidh lán Leath Cuinn dá ccaithréim
tachor ruind do rígh Luighne;
bím fa chuing a ccomuirghe.- Beith mar do bhámar roimhe
2520] réidh a haithle ar n-oirbheire;
mó as fhondmhar in geall do ghlac,
fearr an condrodh do Chormac.- Muna mhaithe gríobh Gailiong
damh a ndearnas d'uraidheall
2525] gidh fiu ar n-agra ar Ó nEadhra,
ní bhiu ag tagra as tighearna.- Dá ndearnoinn, mar nar dleacht damh
trom ar oide na n-ándradh
bím féin um fhaghail gun fhior,
2530] céim 'n-a aghoidh ní héidior.
- Gus a-niu as tráth dá thuigsin
dá gcreidiodh an Cormoicsin
a thoil gen go dtabhoir dhamh
cor um aghoidh ní fhédfadh.Fada.