- Cionnaim a-nois cia ar gcara
a n-aimsir na heasbhadha
2205] dá mbeath mh'anocoil and
each 'n-a hanshocair oram.- Cia a-nos ó bhfuighinn an t-each
idir chlár Luighne is Luimneach,
ar meas tslóigh Ghaoidhiol is Ghall
2210] acht dóigh a haoinfhear agam.- Go dol go síol Néill a-nonn
go dtí Dia dh'fhéachoin oram
bead feasda choidhche dom chois;
toirnfe deasga mo dhíomois.
2215]- Ar n-aonchara a-bháin a-bhus
ní thig duini gan dúthchus
gé leam ríoghradh Teamhra thall
Ó hEadhra d'fhíorbhun accam.- A Í Eadhra, aigneadh fial,
2220] a chroinn do mhórchoill Mhaicniadh,
ná diult damh fan méidsi a-mháin,
éisdsi agus gabh mo ghearáin.- Ní héidir dhúinn dol a bhfad
ag so mhé dom chois cugad,
2225] a ghnúis tsliommall ghairthi ghlan,
fiondam haithne fat ollamh
- Do-bhér duit díol ar a hson
fa molfoid cách do chonnradh;
feirdi ar mbreath, a bhoisghil bhuig,
2230] nach each a n-aisgidh iarrmoid.- Ní hadhnáir dhoidsi, a dhreach sheang,
meas féin h'each agus h'inneall;
biaidh gan easbhoigh a luach libh
an t-eachsoin má luath láidir.
2235]- Do-bhér uaim ar an eachsoin,
ó tá orm d'uireasbhoigh,
do bhreith ghealghruadh gan ghoradh,
teannluagh a eich dh'adhmholadh.- Do-ghéan dán díoghraiseach dhoit;
2240] mairfidh so choidhche, a Chormoic,
dom chur suas, a chleath Chaisil,
each as duas don díoghraissin.- Girre ná sin saoghul h'eich
buaini an laoidh 's ní mar leithbhreith;
2245] cóir iarruidh séad ar a son
dá chéad bliaghoin do-bhéradh.- Ní móide go mairfeadh heach
a gcionn bhliadhna, a bhláth Muimhneach;
ós dó a-tám, a ghruadh ghairthi,
2250] dán na suadh ní sochaimhthe.- Dá dteagmhadh dhí dealg 'n-a cois
ar a rioth do dhruim dhíomois
creid dúnn, a dhreach mar lile,
heach ar ccúl do cuirfidhe.
2255]- Abuir riom, a rosg nuaidhe,
beir an rogha is robhuaine,
each dhuid agus deaghdhán damh;
neamhnár do chuid don chondradh.- Iomdha uaid go hÉimhear bhFionn
2260] do toghadh ar chlú a gcéimionn,
dual dh'fhilidh athtogha ort,
dlighidh deaghcara dúthracht.- Gan dul a gcath dá chionnsa
maith cheanchuim each Í Eadhra;
2265] fearr dá ghruadh gealmhálla grinn
a luagh deaghdhána díchill.- Maith an malartach mac Céin;
clú ar mhaoinibhgá mó deighcéim?
do gealladh dá ghnúis corcra,
2270] cúis nach mealladh malorta.- Inghean Toirrdhealphoigh, taobh slim,
bíodh liom ag déanumh díthchill;
a taoibh as dolta dhisi
mo laoidh mholta mhilisse.
2275]- Mar sin mhéadoighthear an mhaith
impidhe ríoghna ar ríoghfhlaith;
ordhruic an dá chéim cheiníl,
méin Chormuic ag Caiteilín.- Bíoth liom ar leithsgél mo ghníomh
2280] Eoin Baisde, bráthair mh'airdríogh;
do shíorthogha in eoil 'n-a am
Eoin ar bhfíorchara fionnam.Fionnam.