- Ag so chugad, a Chormuic,
drud le fasgadh fochanbhruit;
2140] roimhe ad cheann do-chuaidh meise,
bhudh fearr an uair eileisi
Asam tuirsioch aniudh.- Ag so mhé dhuit, a dhreach ghlan,
gabh rinn a-rís mar ollamh
2145] lámh a láimh is cneas re cneas;
gan teas ní cóir an cairdeas.- Córuide réidhioghadh rind
ní hé a-bháin, a bhas tséghoinn
neach nach ordhruic gan ollamh,
2150] a Chormuic, do-chualamar.- Gidh maith damhsa, a dhreach mhálla,
do bhronnta is barr th'anára,
feirde thú ollamh agoibh,
a chnú ollamh fhíorabuigh.
2155]- A ghnúis ríomhálla, a rosg mall,
cubhoigh ribhsi é dh'fhulang
dá mbeath ainmhéin at ollamh,
a dhreach glainréidh, gan athollamh.- Rí Midhe agus Mac Coise
2160] sgél foirfe go bhfiadhnoisi
tiad, a Chormoic, ó chéile,
dob ordhruic a n-aimhréighe.
- Dob é a-rís críoch a gcogoidh
a ndíoghrais go ndeachodair
2165] Maoil Eachloind ios a ollamh;
ní leathroind ar labhromar.- Do bhí Fíthiol fada a bhfeirg
le Cormac mac Airt airmdheirg;
do-ní a mheanma do mheasgadh
2170] rí Teamhra do thréigeasdar.- Ar an ollamh as sé a bhrígh,
do-chuaidh iarruidh ón airdrígh;
síodh cheandoigh ór mhaith meanma
do cheannoigh flaith finnTeamhra.
2175]- Giolla Brighde ó Bhaile Í Néill
fa fheirg go Cruachoin gclaidhréigh
gor bronnadh réir tar riaghoil
d'ollamh í Néill Naoighialloigh.- Murchadh mac Briain eacht oile
2180] 's Mac Liag lán do chorroighe
tugsad annsacht darr-oile
gan fhallsacht 'n-a n-ionmhoine.- Ní bhiam réidh red rosg rionnghlan
a gcaidreamh ná a gceiliobhradh
2185] go bhfaghthar, a chleath Choradh,
breath Chathfaidh ó Chonchobhar.- Mar dho-rinne gach rí dhíobh
ó a-tá tú ar airrcchibh innríogh,
tú dhúinn bhus cuisle chroidhe
2190] cuirsi ar gcúl ar gcorroighe.
- Sé ar ghníomh do chor 'n-a chomhaidh
gach rí dhíobh dhá ndubhromar
dar leat do fhaomh Ó hEadhra;
nír ghlac acht taom tighearna.
2195]- Ríoghradh Éireann leath ar leath
ler gceirdni ag iomchor ainbhreath;
gár chóra dháibh iná doit?
fam rádha as cóir, a Chormoic.- Gabh meisi, a Mhuire, ar hionchuibh,
2200] a ghnúis dhiagha deighiomchuir,
a chroidhe ar nach feas formod,
a chneas lile leabharlag.Ag so chugad.