Corpus of Electronic Texts Edition
Duanta Eoghain Ruaidh Mhic An Bhaird (Author: Eoghan Ruadh Mac an Bhaird)

Poem 4

Aodh Ruadh Ó Domhnaill

Eoghan Ruadh Mac an Bhaird cct.
  1. 1] Rob soraidh t'eachtra, a Aodh Ruaidh,
    2] an Coimsidh do-chí ar n-anbhuain,
    3] gabhaidh sé th'innfheitheamh Air,
    4] go mbé ag rinnfheitheamh romhaibh.
  2. 5] Ná tí ribh, a rí Suca,
    6] triall sonna i sín gheamhruta,
    7] amuigh on chuainsin Chlíodhna,
    8] tar muir nduaibhsigh ndoighiordha.
  3. 9] Dia dot eadráin san amsa
    10] ar ghluasacht ngaoth gcodarsna,
    11] ar ghoimh n-ainchridhigh gach fhir,
    12] 's ar muir n-ainbhthinigh idir.
  4. 13] Go dtréigid a dtrealbha laoch
    14] dea séite na síonghaoth;
    15] go dtille an ghaothmhuir a geoin,
    16] nach saobhthuir inne an aiir.

  5. p.108

  6. 17] Go mbé an toice, a thriath Gaillmhe,
    18] duit-se ag crúdh gach comhairle;
    19] ná deach faoibh fréamh ar ndoibheart,
    20] rob sén daoibh bhur ndheóraidheacht.
  7. 21] Rob suilbhir aghaidh gach fhir
    22] róibhsi, a rí rátha Sligigh,
    23] títhe urláir do ghruadh ngeal,
    24] rob tuar soghráidh a silleadh.
  8. 25] Gi-bé rabh a rí Conaill
    26] i n-aincheas bhar n-urfhoghaill
    27] go mbé a chroidhe gá chrúdh sin
    28] le rún toile dot thuigsin.
  9. 29] Rob gar leigheas dar leónadh,
    30] sgeoil da dtiocfa ar dtaithbheodhadh,
    31] go mbeidh oraibh dá reic ruinn,
    32] rob soraidh dheit gach dodhuing.
  10. 33] An eanlong lér imthigh sibh,
    34] na coill bhárc bhréideadh suaithnidh
    35] go dtargha an luing sin tar lear,
    36] go hadhbha dtuirsigh dTailltean.

  11. p.110

  12. 37] Gá dtú acht as tingheall sláinte
    38] do thoisg, nó as tuar anbhfáilte,
    39] gibé thí do thaobh t'eachtra,
    40] do shní, a Aodh, ar n-aigeanta.
  13. 41] Na laoich, a llos a n-annsa,
    42] na mná, na meic eagalsa,
    43] clanna ar saor, meic ar moghadh,
    44] dheit, a Aodh, fá énomhan.
  14. 45] D'furtacht shleachta Gaoidhil Ghlais
    46] tar muir ón tráth do thriallais,
    47] atáid croidhe sonn gá sníomh
    48] le trom n-oire gach áirdríogh.
  15. 49] Atáid m'ionnsamhla eile,
    50] atúsa, a Aodh, d'áiridhe,
    51] dom bhuing do bhithin t'eachtra
    52] i dtuinn fhichidh mh'aigeanta.
  16. 53] Ní chorraigh muir nach measg sinn,
    54] ní éir gaoth nach gluais mh'intinn,
    55] ní aithrigh síon séis mbuinne
    56] nach sníomh dot éis oruinne.

  17. p.112

  18. 57] Ní hé aithbhear bhar n-olc féin,
    58] ní hé ainbhthine an aeéir
    59] do chor ort budh urlamh linn,
    60] acht turbhadh d'olc na hEireann.
  19. 61] Inis Chuinn do chleacht leónadh,
  20. 62] gá dtám as dí theigeómhadh,
    63] dá dtíste ruibh god rochtain
    64] tar muir ngríste nguasachtaigh.
  21. 65] Do cuireadh clódh a teadhma
  22. 66] uaibhsi a n-ucht na cinneamhna,
    67] do fhéch sibh do chríchsi Chuinn,
    68] dá ndigh díbhsi, a Uí Dhomhnuill.
  23. 69] Mór da haos cumtha ar cheana
    70] do chuir a n-áit oidheadha
    71] an bhréig-insi ler fhaoi Art,
    72] ar aoi a héiginsi d'fhurtacht.
  24. 73] Iomdha imshníom fhuair fá a ceann
    74] Tuathal Teachtmhar, triath Eireann,
    75] ar dtocht tar muirchinn muire
    76] d'oirchill a holc d'iomghuire.

  25. p.114

  26. 77] Cuairt dar chosain a heineach
    78] do-rad Conghal Cláireineach,
    79] go dtug gle eidir ghleanntaibh tonn,
    80] nár theó i dteanntaibh na tiomcoll.
  27. 81] Eoghan Mór mhac Mogha Néid,
    82] do-chuaidh trá toisg a leithéid,
    83] don talamhsoin gar thriall sibh,
    84] ó fhiadh fhalarsaidh Uisnigh.
  28. 85] Ríghe chogthach Chláir na Niall,
    86] lingis Mac Con mheic Maicniadh
    87] rinn ghlas-mhara ar aba a huilc,
    88] amhsoine as fhada iarmhuirt.
  29. 89] Tusa, a rí fhréimhe hEachaidh,
    90] ag triall ar iocht éin eathair,
    91] gé meastoir do thocht a dteann,
    92] do dheasgaibh olc na hEireann.
  30. 93] Atá san luing sin tar lear
    94] oireachas Insi Gaoidheal,
    95] a síodh, a guaisbhearta, a glóir,
    96] díon a huaisleachta, a honóir.

  31. p.116

  32. 97] Go bhfille ar sliocht nGaoidhil nGhlais,
    98] a mhic Aodha, a ua Mhaghnais,
    99] rob dimbríogh gach tonn dá dtuil,
    100] gach imshníomh sonn rob soraidh.
  33. Rob soraidh.