Corpus of Electronic Texts Edition
Duanta Eoghain Ruaidh Mhic An Bhaird (Author: Eoghan Ruadh Mac an Bhaird)
Poem 3
Comhdhail Siothchana
Eoghan Ruadh Mac an Bhaird.
- 1] Dána an turas tríalltor sonn,
2] fada atá ag tocht 'na thimcholl,
3] geall re hoighidh an eachtra,
4] doiligh earr na huaisleachta.
- 5] Re leathtrom cogaidh Chráoi bhFloinn
6] do mealladh mac Uí Dhomhnaill,
7] ag thriall ré haigneadh n-anba
8] i gcaidreamh fhian n-eachtronna.
- 9] Dána an chúis do chuir roimhe,
10] gá dtám acht tug Rudhroidhe
11] aighidh ar an lucht ros ling,
12] lér airigh d'ulc 'na oirchill.
- 13] Deacair aghaidh orra soin,
14] iomdha ar a cheann cúis bhaoghail,
15] lucht cruadhaighthe caingneadh réidh,
16] gruamaighthe airgeadh n-aigmhéil.
p.88
- 17] Atáid re a ucht i n-Áth Clíath
18] óig ar ar himreadh mídhíach,
19] mór ngoimhfhéchsin ré a ghnúis ngloin,
20] cúis roidhéisoin a rochtoin.
- 21] Iomdha cúis imnidh aca,
22] iomdha mairg mná deórata,
23] iomdha leacht as a losain,
24] diongna a theacht ón turus-soin.
- 25] Na róid ina roicheadh soin
26] go dtráasda i dtreallaibh coguidh,
27] taigh ligh go síothchánna sonn
28] fiochnámha aingidh eachtronn.
- 29] Taisbentor sonn seal oile
30] gnúis uathmhar na hamhsoine
31] 'na dreich roighil saordha sáimh,
32] 'na haighidh mhaordha mhacáimh.
- 33] Gibe an tráth sa theagmhus dó,
34] iomdha foireann fuair anró,
35] do tháirtheghadh a dtocht sin
36] ag fáithléghadh olc idir.
p.90
- 37] Atáid, narab díth dhosan,
38] croidthe a chomthach bhfoghla-san
39] ag léim d'urghráin na heachtra,
40] ní céim d'faghbhail aigeanta.
- 41] Iomdha ag úaislibh Innsi Bhreagh,
42] ag mnáibh, ag macoibh fileadh,
43] ré léghadh leóin as a los,
44] meoir da dtéghadh fan turos.
- 45] Gidheadh measuid óig Eamhna,
46] do dhruim toice a dtighearna,
47] an turus-sa fa dtéigh mé,
48] 'nachcéim urusa aige.
- 49] Foghla gráineamhla an ghille
50] ní chuimhnigh cath Duibhlinne,
51] lé fonn a shíothoighthe soin
52] fa fhonn bfíochfoirbhthe bFionntoin.
- 53] A ndearna orra, as é a shuim,
54] maithtear do mhac I Dhomhnaill,
55] gur thaisentor tocht 'na gceann,
56] ní aisecthar olc na hEireann.
p.92
- 57] Tugadh leo a bhfioch sa bhformad,
58] ar rún ceannsa ar cháon chomhrag,
59] fuath aroile, rún cogaidh,
60] ar rún toile tugadair.
- 61] Tiad gnúisi giolladh ndorrdha
62] roimhe i reachtaibh searcamhla,
63] meanma goimheamhla Gall ndúr
64] le barr soimheanma ag síothlúdh.
- 65] Móide a ro-fháilte roimhe
66] go bhfúair siad síoth Rúdhraighe,
67] an gartoirear far glé Conn,
68] nar haltoigheadh é ag eachtronn.
- 69] On tráth fa dtáinig na gceann
70] fear ionaid áirdríogh Eireann,
71] briagh na gcéimionnaibh ní chuir,
72] sídh Eirionnaigh ní híarthuir.
- 73] Leis an ngealladh ghealltar lais,
74] lé humhla mic mic Mághnais,
75] do reactha rún gacha fir,
76] do feactha glún gach Gaoidhil.
p.94
- 77] Faigsin codhnaigh chlainne Dálaigh
78] i nAth Cliath a gcomhdhálaibh
78] dáil chaomhanta do chrích nGall,
79] aon-shompla síth na sáor-chlann.
- 80] Gibé tráth thí 'na fhritheng,
81] mór gcúis n-égnuigh d'oirichil
82] ag Rudhraighe, ga dulc dhó?
83] le a lucht furnaidhe is fada.
- 84] Mór ríoghan um Ráth Logha
85] tárla do nós Nualadha
86] fan gcéim do-chluinsin 'na ceann
87] a bpéin tuirsi 'na timcheall.
- 88] Fúaras lé a los a shiúbhail,
89] ó's doilghe na déighionaigh,
90] nach smuain an t'imneadh oile
91] fuair inghean ar nAodhaine.Dana.
p.106