Corpus of Electronic Texts Edition
Duanta Eoghain Ruaidh Mhic An Bhaird (Author: Eoghan Ruadh Mac an Bhaird)
Poem 2
Sgeala Craidhte
Eoghan Ruadh Mac an Bhaird cct.
- 1] Truagh do chor a chroidhe tim;
2] beag an díoth t'olc no t'inghreim:
3] ón mhéid toirbhire do thoil
4] téid bhar n-oirbhire a n-asgoidh.
- 5] Urusa t'ionntódh ar ais,
6] mór do-gheibh fios bhar bhforais;
7] truagh do chor, ní cás do shíodh,
8] gá ttás do dhol a ndeimbríogh.
- 9] Ná seachnadh dhuine ar domhan
10] bhar ngríosadh, bhar ngortoghadh:
11] as t'ucht ní hintinn meisi,
12] gá dulc t'inntinn uaisleisi?
- 13] Gidhbé sgél do reacadh ruinn
14] an tráth-sa a dtaobh I Dhomhnuill,
15] mo náire 'na amhghar ort,
16] ádhbhar gáire do ghluasacht.
- 17] Do-chím tar chenn gach diomdha
18] uaim dár thuill mo thighiorna
19] ar a chneidh nach coduil sibh,
20] neimh bhar gcogaidh do-cíthir.
p.72
- 21] Caidhe an chúis do chuiris róimh,
22] caidhe an uaisle nó an onóir,
23] caidhe an fhearg-gomh ané anois,
24] más é do threaghdadh tárrois?
- 25] A ndíaigh a n-abruim oraibh
26] a chroidhe bocht banamhail,
27] fá fhlaith sriobhshrotha Sligigh,
28] maith t'ionghotha im fhoighidin.
- 29] Lámh I Dhomhnuill Dúna ós Sáimh
30] d'easgor más fhíor san Eadáill,
31] cúis bhur n-amhluaigh ós sí soin,
32] ní hí an anbhuain gan fhochain.
- 33] Gidh eadh, ní hí h'eagla féin
34] budh cás libh, gér lór d'oilbhéim,
35] acht don triall tarla roimhe,
36] 's d'iath Bhanbha go mbeanfoidhe.
- 37] D'éis a ndearna go nua anois
38] san easgor fuair flaith Bearnais,
39] gá dtás robadh soiréidh sinn
40] acht cás oiléin na hEirinn.
- 41] Gidhbé tá ar reacadh ruinn
42] dá gcluineadh críoch chlann gConuill,
43] do mheasfadh a míobhuaidh féin,
44] an easghlan shíodhfhuar shoilléir.
p.74
- 45] Dá gcluineadh sliocht Ghaoidhil Ghlais
46] a gcuala ó mhac mheic Maghnais,
47] budh mór bhfáth gcomhrúin fá a cheann
48] ag bláth fhionn-mhúir na hEireann.
- 49] As sé adéara gach duine,
50] da bhfillti réim Rughruidhe
51] cia linn do laoidhfidhe anocht,
52] ó saoilfidhe inn d'fhurtocht?
- 53] An Coimsidh do-chí bhar ndáil,
54] a chríoch Mhac Míleadh Easbáinn,
55] go bhfégha ort is oirne,
56] sgéla ar olc nár fhaghaim-ne.
- 57] Bíodh nach cás ar dearbhadh dhúinn,
58] bíodh nach budh filleadh fortúin,
59] iomdha anoss fá dhoghruing de,
60] 's ní a los I Dhomhnaill Daoile.
- 61] Easgor láimhe laoich Éirne
62] tug ar chridhibh coimhéirghe:
63] an teidhm tárra go dtí uadh,
64] ní bhí acht námha léan neamhthruagh.Truagh.
- 65] Dá gcluineadh a gcuala mé
66] inghean iarla fhóid Mháighe
67] truagh an bedhgadh do bhéaradh,
68] truagh an treaghdadh tairreaghadh.
p.86