Corpus of Electronic Texts Edition
Background details and bibliographic information
Duanta Eoghain Ruaidh Mhic An Bhaird
Author: Eoghan Ruadh Mac an Bhaird
File Description
Electronic edition compiled by Benjamin Hazard
Funded by University College Cork and
Professor Marianne McDonald via the CELT Project
1. First draft, revised and corrected
Proof corrections by Benjamin Hazard
Extent of text: 2890 words
Publication
CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of University College Cork.
College Road, Cork, Ireland.http://www.ucc.ie/celt (2003) (2008) Distributed by CELT online at University College, Cork, Ireland.
Text ID Number: G402365
Availability [RESTRICTED]
Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only.
Sources
Manuscript sources- Brussels, Bibliothèque Royale MS 6131-6133.
- Dublin, Trinity College, MS H. 1. 6: see T. K. Abbott and E. J. Gwynn (eds.), Catalogue of Irish manuscripts in the library of Trinity College, Dublin (Dublin: Hodges and Figgis, 1921).
- Dublin, Royal Irish Academy, MS 23 N 26: see K. Mulchrone, T. F. O'Rahilly et al. (eds.), Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. 14.
- Dublin, Royal Irish Academy, MS 24 P 27: see Catalogue of Irish Manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc.
18.
Literature- Breandán Ó Buachalla, 'Cúlra is tábhacht an dáin A leabhráin ainmnighthear d'Aodh,' Celtica 21 (1990) 41013.
The edition used in the digital edition- in Duanta Eoghain Ruaidh Mhic An Bhaird, Ed. Tomás Ó Raghallaigh. , Galway, Ó Gormain Teach na Cloidoreachta (1930) page 64116
Encoding
Project Description
CELT: Corpus of Electronic Texts
Sampling Declaration
All the editorial text with the corrections of the editor has been retained.
Editorial Declaration
Correction
Text has been checked, proof-read and parsed using NSGMLS.
Normalization
The electronic text represents the edited text.
Hyphenation
The editorial practice of the hard-copy editor has been retained.
Segmentation
div0=the whole text. div1=the individual poem. Pagebreaks, metrical lines and quatrains are marked and numbered.
Interpretation
Names of persons (given names), and places are not tagged. Terms for cultural and social roles are not tagged.
Canonical References
This text uses the DIV1 element to represent the Poem.
Profile Description
Created: By Eoghan Ruadh Mac an Bhaird, an Irish bardic poet (c.1570?1630?).
Date range: c.16001610.
Use of language
Language: [GA] Whole text in Classical Modern Irish.
Revision History
- (2010-04-10)
Beatrix Färber (ed.)
- Conversion script run; addition to bibliography made; file parsed; new wordcount made.
- (2008-10-15)
Beatrix Färber (ed.)
- Header updated, linebreaks removed, keywords added, file validated.
- (2005-08-25)
Julianne Nyhan (ed.)
- Normalised language codes and edited langUsage for XML conversion
- (2005-08-04T16:12:41+0100)
Peter Flynn (ed.)
- Converted to XML
- (2003-05-08)
Beatrix Färber (ed.)
- Header modified, HTML file created.
- (2003-05-08)
Benjamin Hazard (ed.)
- Text parsed using NSGMLS.
- (2002-11-14)
Benjamin Hazard (ed.)
- Header constructed, structural mark-up entered and checked, text checked and proof-read, lineation checked and verified.
- (1997)
Margaret Lantry (ed.)
- Text captured by scanning and proofed.
Corpus of Electronic Texts Edition: G402365
Duanta Eoghain Ruaidh Mhic An Bhaird: Author: Eoghan Ruadh Mac an Bhaird
p.64
Leabhran Gaedhilge
Eoghan Ruadh Mac An Bhaird cct.
- 1] A leabhráin ainmnighther d'Aodh,
2] atá libh léighionn neamh-dhaor,
3] go hInis bhfódghloin na bhFionn,
4] bhus milis d'ógbhuidh Eirionn.
- 5] Atá i dteanguidh ar máthar
6] sonn ga saoire soláthar?
7] léighionn bhus cian ar cuimhne
8] i bhfiadh Eirionn iath-ghuirme.
- 9] Atá ar na tionól sonna
10] cnuasach glan déas ndíoghlioma,
11] do thriath sluaghaidh Gulban Guirt,
12] as cluanuidh ughdar n-ordhuirc.
- 13] Teagasc diadha ar a dhruim sin,
14] eolus ealadhna an ghaisgidh,
15] d'iath Eirionn agoibh anois,
16] léighionn caguidh is cunntois.
- 17] Ag ceangal chairdeas a síodh,
18] ag toirmeasg uilc is fairbríogh,
19] nó ag triall caguidh gi-bé bheas,
20] ní habuidh é acht led t-oideas.
p.66
- 21] Meic eagailsi gidh iad ann,
22] tarbhach don lucht ros-léaghann,
23] 'san ord ghaisgidh gi-bé bheas,
24] bhur bhfaigsin ní hé a aimhleas.
- 25] Aodh Ó Domhnaill, dóthchais cáigh,
26] arnadléaghadh, a leabhráin,
27] a bhfuil leibh labhair iar soin,
28] ná ceil ar dhaghfhuil nDálaigh.
- 29] Ar Shíol nEoghain, druim ar dhruim,
30] nó ar laochraidh chinél gConuill,
31] ná bíodh t'fhoilcheas, toill a dtoil,
32] oircheas roinn ris an ríoghraidh.
- 33] Ná ar neach don chloinn charfus sibh,
34] Ír, Éiriomhóin nó Éibhir,
35] nó Luighdheach mheic Íotha Fhéil,
36] ní bad sgíotha ód reic riúiséin.
- 37] Ní badh sgíotha dot sgéulaibh
38] na Búrcaigh, na Builtéaruigh,
39] na Gearoltuigh do thuill toil
40] tar seanfholtaibh fhuinn Fhionntoin.
- 41] Ar neach do shliocht Ghaoidhil Ghlais
42] ná ceil gach iúl dá bhfurais,
43] ná ar Sheanghallaibh fóid na bhFionn,
44] lér cheanglamair óig Eirionn.
p.68
- 45] Meic ollamhan Innsi Fáil,
46] beidh romhuibh lán do lúthgháir,
47] god choimhreic ó bheól go budh bél,
48] badh oirdhreic t'eól san oilén.
- 49] Tabhair ar gach n-aon umhla
50] don aos eagnoidh ealadhna;
51] connailbhe as dú ris an dreim,
52] tú ar a ccomairghe cuireim.
- 53] Ar son go sealbhuighim sibh
54] d'U Dhomhnaill tar fhonn bhFionntain,
55] an fonn ar gach taobh tiomchuil,
56] ronn ris gach n-aon d'Eirionnchaibh.
- 57] Ar nGaoidhil ar bFionnGhoill féin
58] beannacht tré dhíograis dóibhséin
59] beir mo bheannacht go fonn bhFáil
60] beannacht sonn leibh, a leabhráin.A leabhráin.
p.70
Sgeala Craidhte
Eoghan Ruadh Mac an Bhaird cct.
- 1] Truagh do chor a chroidhe tim;
2] beag an díoth t'olc no t'inghreim:
3] ón mhéid toirbhire do thoil
4] téid bhar n-oirbhire a n-asgoidh.
- 5] Urusa t'ionntódh ar ais,
6] mór do-gheibh fios bhar bhforais;
7] truagh do chor, ní cás do shíodh,
8] gá ttás do dhol a ndeimbríogh.
- 9] Ná seachnadh dhuine ar domhan
10] bhar ngríosadh, bhar ngortoghadh:
11] as t'ucht ní hintinn meisi,
12] gá dulc t'inntinn uaisleisi?
- 13] Gidhbé sgél do reacadh ruinn
14] an tráth-sa a dtaobh I Dhomhnuill,
15] mo náire 'na amhghar ort,
16] ádhbhar gáire do ghluasacht.
- 17] Do-chím tar chenn gach diomdha
18] uaim dár thuill mo thighiorna
19] ar a chneidh nach coduil sibh,
20] neimh bhar gcogaidh do-cíthir.
p.72
- 21] Caidhe an chúis do chuiris róimh,
22] caidhe an uaisle nó an onóir,
23] caidhe an fhearg-gomh ané anois,
24] más é do threaghdadh tárrois?
- 25] A ndíaigh a n-abruim oraibh
26] a chroidhe bocht banamhail,
27] fá fhlaith sriobhshrotha Sligigh,
28] maith t'ionghotha im fhoighidin.
- 29] Lámh I Dhomhnuill Dúna ós Sáimh
30] d'easgor más fhíor san Eadáill,
31] cúis bhur n-amhluaigh ós sí soin,
32] ní hí an anbhuain gan fhochain.
- 33] Gidh eadh, ní hí h'eagla féin
34] budh cás libh, gér lór d'oilbhéim,
35] acht don triall tarla roimhe,
36] 's d'iath Bhanbha go mbeanfoidhe.
- 37] D'éis a ndearna go nua anois
38] san easgor fuair flaith Bearnais,
39] gá dtás robadh soiréidh sinn
40] acht cás oiléin na hEirinn.
- 41] Gidhbé tá ar reacadh ruinn
42] dá gcluineadh críoch chlann gConuill,
43] do mheasfadh a míobhuaidh féin,
44] an easghlan shíodhfhuar shoilléir.
p.74
- 45] Dá gcluineadh sliocht Ghaoidhil Ghlais
46] a gcuala ó mhac mheic Maghnais,
47] budh mór bhfáth gcomhrúin fá a cheann
48] ag bláth fhionn-mhúir na hEireann.
- 49] As sé adéara gach duine,
50] da bhfillti réim Rughruidhe
51] cia linn do laoidhfidhe anocht,
52] ó saoilfidhe inn d'fhurtocht?
- 53] An Coimsidh do-chí bhar ndáil,
54] a chríoch Mhac Míleadh Easbáinn,
55] go bhfégha ort is oirne,
56] sgéla ar olc nár fhaghaim-ne.
- 57] Bíodh nach cás ar dearbhadh dhúinn,
58] bíodh nach budh filleadh fortúin,
59] iomdha anoss fá dhoghruing de,
60] 's ní a los I Dhomhnaill Daoile.
- 61] Easgor láimhe laoich Éirne
62] tug ar chridhibh coimhéirghe:
63] an teidhm tárra go dtí uadh,
64] ní bhí acht námha léan neamhthruagh.Truagh.
- 65] Dá gcluineadh a gcuala mé
66] inghean iarla fhóid Mháighe
67] truagh an bedhgadh do bhéaradh,
68] truagh an treaghdadh tairreaghadh.
p.86
Comhdhail Siothchana
Eoghan Ruadh Mac an Bhaird.
- 1] Dána an turas tríalltor sonn,
2] fada atá ag tocht 'na thimcholl,
3] geall re hoighidh an eachtra,
4] doiligh earr na huaisleachta.
- 5] Re leathtrom cogaidh Chráoi bhFloinn
6] do mealladh mac Uí Dhomhnaill,
7] ag thriall ré haigneadh n-anba
8] i gcaidreamh fhian n-eachtronna.
- 9] Dána an chúis do chuir roimhe,
10] gá dtám acht tug Rudhroidhe
11] aighidh ar an lucht ros ling,
12] lér airigh d'ulc 'na oirchill.
- 13] Deacair aghaidh orra soin,
14] iomdha ar a cheann cúis bhaoghail,
15] lucht cruadhaighthe caingneadh réidh,
16] gruamaighthe airgeadh n-aigmhéil.
p.88
- 17] Atáid re a ucht i n-Áth Clíath
18] óig ar ar himreadh mídhíach,
19] mór ngoimhfhéchsin ré a ghnúis ngloin,
20] cúis roidhéisoin a rochtoin.
- 21] Iomdha cúis imnidh aca,
22] iomdha mairg mná deórata,
23] iomdha leacht as a losain,
24] diongna a theacht ón turus-soin.
- 25] Na róid ina roicheadh soin
26] go dtráasda i dtreallaibh coguidh,
27] taigh ligh go síothchánna sonn
28] fiochnámha aingidh eachtronn.
- 29] Taisbentor sonn seal oile
30] gnúis uathmhar na hamhsoine
31] 'na dreich roighil saordha sáimh,
32] 'na haighidh mhaordha mhacáimh.
- 33] Gibe an tráth sa theagmhus dó,
34] iomdha foireann fuair anró,
35] do tháirtheghadh a dtocht sin
36] ag fáithléghadh olc idir.
p.90
- 37] Atáid, narab díth dhosan,
38] croidthe a chomthach bhfoghla-san
39] ag léim d'urghráin na heachtra,
40] ní céim d'faghbhail aigeanta.
- 41] Iomdha ag úaislibh Innsi Bhreagh,
42] ag mnáibh, ag macoibh fileadh,
43] ré léghadh leóin as a los,
44] meoir da dtéghadh fan turos.
- 45] Gidheadh measuid óig Eamhna,
46] do dhruim toice a dtighearna,
47] an turus-sa fa dtéigh mé,
48] 'nachcéim urusa aige.
- 49] Foghla gráineamhla an ghille
50] ní chuimhnigh cath Duibhlinne,
51] lé fonn a shíothoighthe soin
52] fa fhonn bfíochfoirbhthe bFionntoin.
- 53] A ndearna orra, as é a shuim,
54] maithtear do mhac I Dhomhnaill,
55] gur thaisentor tocht 'na gceann,
56] ní aisecthar olc na hEireann.
p.92
- 57] Tugadh leo a bhfioch sa bhformad,
58] ar rún ceannsa ar cháon chomhrag,
59] fuath aroile, rún cogaidh,
60] ar rún toile tugadair.
- 61] Tiad gnúisi giolladh ndorrdha
62] roimhe i reachtaibh searcamhla,
63] meanma goimheamhla Gall ndúr
64] le barr soimheanma ag síothlúdh.
- 65] Móide a ro-fháilte roimhe
66] go bhfúair siad síoth Rúdhraighe,
67] an gartoirear far glé Conn,
68] nar haltoigheadh é ag eachtronn.
- 69] On tráth fa dtáinig na gceann
70] fear ionaid áirdríogh Eireann,
71] briagh na gcéimionnaibh ní chuir,
72] sídh Eirionnaigh ní híarthuir.
- 73] Leis an ngealladh ghealltar lais,
74] lé humhla mic mic Mághnais,
75] do reactha rún gacha fir,
76] do feactha glún gach Gaoidhil.
p.94
- 77] Faigsin codhnaigh chlainne Dálaigh
78] i nAth Cliath a gcomhdhálaibh
78] dáil chaomhanta do chrích nGall,
79] aon-shompla síth na sáor-chlann.
- 80] Gibé tráth thí 'na fhritheng,
81] mór gcúis n-égnuigh d'oirichil
82] ag Rudhraighe, ga dulc dhó?
83] le a lucht furnaidhe is fada.
- 84] Mór ríoghan um Ráth Logha
85] tárla do nós Nualadha
86] fan gcéim do-chluinsin 'na ceann
87] a bpéin tuirsi 'na timcheall.
- 88] Fúaras lé a los a shiúbhail,
89] ó's doilghe na déighionaigh,
90] nach smuain an t'imneadh oile
91] fuair inghean ar nAodhaine.Dana.
p.106
Aodh Ruadh Ó Domhnaill
Eoghan Ruadh Mac an Bhaird cct.
- 1] Rob soraidh t'eachtra, a Aodh Ruaidh,
2] an Coimsidh do-chí ar n-anbhuain,
3] gabhaidh sé th'innfheitheamh Air,
4] go mbé ag rinnfheitheamh romhaibh.
- 5] Ná tí ribh, a rí Suca,
6] triall sonna i sín gheamhruta,
7] amuigh on chuainsin Chlíodhna,
8] tar muir nduaibhsigh ndoighiordha.
- 9] Dia dot eadráin san amsa
10] ar ghluasacht ngaoth gcodarsna,
11] ar ghoimh n-ainchridhigh gach fhir,
12] 's ar muir n-ainbhthinigh idir.
- 13] Go dtréigid a dtrealbha laoch
14] dea séite na síonghaoth;
15] go dtille an ghaothmhuir a geoin,
16] nach saobhthuir inne an aiir.
p.108
- 17] Go mbé an toice, a thriath Gaillmhe,
18] duit-se ag crúdh gach comhairle;
19] ná deach faoibh fréamh ar ndoibheart,
20] rob sén daoibh bhur ndheóraidheacht.
- 21] Rob suilbhir aghaidh gach fhir
22] róibhsi, a rí rátha Sligigh,
23] títhe urláir do ghruadh ngeal,
24] rob tuar soghráidh a silleadh.
- 25] Gi-bé rabh a rí Conaill
26] i n-aincheas bhar n-urfhoghaill
27] go mbé a chroidhe gá chrúdh sin
28] le rún toile dot thuigsin.
- 29] Rob gar leigheas dar leónadh,
30] sgeoil da dtiocfa ar dtaithbheodhadh,
31] go mbeidh oraibh dá reic ruinn,
32] rob soraidh dheit gach dodhuing.
- 33] An eanlong lér imthigh sibh,
34] na coill bhárc bhréideadh suaithnidh
35] go dtargha an luing sin tar lear,
36] go hadhbha dtuirsigh dTailltean.
p.110
- 37] Gá dtú acht as tingheall sláinte
38] do thoisg, nó as tuar anbhfáilte,
39] gibé thí do thaobh t'eachtra,
40] do shní, a Aodh, ar n-aigeanta.
- 41] Na laoich, a llos a n-annsa,
42] na mná, na meic eagalsa,
43] clanna ar saor, meic ar moghadh,
44] dheit, a Aodh, fá énomhan.
- 45] D'furtacht shleachta Gaoidhil Ghlais
46] tar muir ón tráth do thriallais,
47] atáid croidhe sonn gá sníomh
48] le trom n-oire gach áirdríogh.
- 49] Atáid m'ionnsamhla eile,
50] atúsa, a Aodh, d'áiridhe,
51] dom bhuing do bhithin t'eachtra
52] i dtuinn fhichidh mh'aigeanta.
- 53] Ní chorraigh muir nach measg sinn,
54] ní éir gaoth nach gluais mh'intinn,
55] ní aithrigh síon séis mbuinne
56] nach sníomh dot éis oruinne.
p.112
- 57] Ní hé aithbhear bhar n-olc féin,
58] ní hé ainbhthine an aeéir
59] do chor ort budh urlamh linn,
60] acht turbhadh d'olc na hEireann.
- 61] Inis Chuinn do chleacht leónadh,
62] gá dtám as dí theigeómhadh,
63] dá dtíste ruibh god rochtain
64] tar muir ngríste nguasachtaigh.
- 65] Do cuireadh clódh a teadhma
66] uaibhsi a n-ucht na cinneamhna,
67] do fhéch sibh do chríchsi Chuinn,
68] dá ndigh díbhsi, a Uí Dhomhnuill.
- 69] Mór da haos cumtha ar cheana
70] do chuir a n-áit oidheadha
71] an bhréig-insi ler fhaoi Art,
72] ar aoi a héiginsi d'fhurtacht.
- 73] Iomdha imshníom fhuair fá a ceann
74] Tuathal Teachtmhar, triath Eireann,
75] ar dtocht tar muirchinn muire
76] d'oirchill a holc d'iomghuire.
p.114
- 77] Cuairt dar chosain a heineach
78] do-rad Conghal Cláireineach,
79] go dtug gle eidir ghleanntaibh tonn,
80] nár theó i dteanntaibh na tiomcoll.
- 81] Eoghan Mór mhac Mogha Néid,
82] do-chuaidh trá toisg a leithéid,
83] don talamhsoin gar thriall sibh,
84] ó fhiadh fhalarsaidh Uisnigh.
- 85] Ríghe chogthach Chláir na Niall,
86] lingis Mac Con mheic Maicniadh
87] rinn ghlas-mhara ar aba a huilc,
88] amhsoine as fhada iarmhuirt.
- 89] Tusa, a rí fhréimhe hEachaidh,
90] ag triall ar iocht éin eathair,
91] gé meastoir do thocht a dteann,
92] do dheasgaibh olc na hEireann.
- 93] Atá san luing sin tar lear
94] oireachas Insi Gaoidheal,
95] a síodh, a guaisbhearta, a glóir,
96] díon a huaisleachta, a honóir.
p.116
- 97] Go bhfille ar sliocht nGaoidhil nGhlais,
98] a mhic Aodha, a ua Mhaghnais,
99] rob dimbríogh gach tonn dá dtuil,
100] gach imshníomh sonn rob soraidh. Rob soraidh.