Corpus of Electronic Texts Edition
Toitean Tighe Fhind (Author: Unknown)
p.16
{MS page 118}
- 1] Truagh annsin a láithrech lis
2] mar a ndernas an aingcis
3] atáid ronna bhar séala
4] mebhair liom a ndroch-sgéala.
- 5] Méala liom do bheith mar sin
6] a laithrech bhuadhach bharrghlain
7] Clann Morna fa lig 's fa lecht
8] tugais comhlomm a láithrech.
- 9] Do rádh Ailbhe cuimhin linn
10] guais an áith a bhfaghthar sinn
11] dá ttigedh aoinnech tar ler
12] ní fhágdadh ben dinn 'ga coimhfher.
- 13] Do rádhsat na mná go fíor
14] re hinghin daithghil an ríogh
15] ó nach fuil comhghar dhar gcóir
16] féacham conghnamh ar seanóir.
- 17] Leigem gáir catha gan cheilg
18] fan mbruithchim slaitghil shróilldeirg
19] go bhféchamaoid ca posta is fearr
20] dhar bhfosta a n-iath Éirenn.
- 21] Garaid mac Morna Laoch Lonn
22] dá gcluinfedh gair éagcomhlonn
23] do thiucfadh gan cheilg fon gáir
24] 's do beartuighedh leis ar luthgháir.
p.18
- 25] Cenglam a fhionna 's a fholt
26] do thaobh na bruighne go docht
27] co nach tiubhradh a réir linn
28] ó tharla 'na shuain toirchim.
- 29] Do chengladar na mná go fíor
30] mac Morna ba mór an gníomh
31] 's do leigset gáir catha gan chóir
32] dar bfáthaibh adhbhar dobhróin.
- 33] Phreabas Garaidh risan gáir
34] fágbhus fholt 's a fheóil go cnáimh
35] dochuaidh fona mnáibh amach
36] níor bhráth sin dha mbeith díomsach.
- 37] Adubhairt dha gcur san dún
38] dob é turus gan iompughadh
39] bhar ngáir mhagaidh daoibh budh nár
40] biaidh sibh ar mhaidin bhar ttenál.
- 41] A shenóir chríon bí-se ad shost
42] leig-se dhúinne ad thegasg
43] dodhéan-sa míodhuaill ar sin
44] criothfhúar mná d'éis a foilce.
- 45] Cia atáimse am shenóir tréith
46] is fada ó ghlacas mo sgéith
47] dígheóladh oruibh bhar sgige
48] lasfad ceann an athainne.
- 49] Éirghes Garaidh thall astoigh
50] gabhas n-a láimh tuaigh chonnaidh
51] do bhain san gcoill gan tshéna
52] naoi ngúala fuinnsiona imthréna.
p.20
- 53] Faduighes tine san tigh mór
54] ón lár go soiche a ghurgón
55] dochuir mór-dhóith ar an tech
56] níorbh é an senóir trócairech.
- 57] Iadhas secht ndoirse thighe Finn
58] chuir secht nglais ar gach ursain
59] doghnídh tine dha marbhadh
60] dha ttáinig a moir-dheacra.
- 61] Leig mise amach ar m'athair,
62] ar inghen ui Choinn chéadchathaich
63] orm féin is ar bhuidheachas Fhinn
64] a Gharaidh uasail fhoiltfhinn.
- 65] Ní leigfed thú amach ar t'athair
66] a inghen ui Choinn chéadchathaich
67] ort féin ná ar bhuidheachas Fhinn
68] thusa amach nocha leigfinn.
- 69] Leig-se ben Chonáin an áigh
70] amach is ben Chaoilte an chonádhaich
71] is ben mhic Reaithe abhus
72] cumann cleithe nocha ndernus.
- 73] Tar amach a bhen mhic Reithe
74] mad áil lat cumann cleithe
75] ó nach fuil mac Reithe abhus
76] ní bfuilim féin dhom chumus.
- 77] Gabh coibhche a Gharaidh na nglonn
78] ar deigh-inghen Chormaic ui Choinn
79] lán doirn dha bhfuil san dún
80] do leigen let gan iompughadh.
p.22
- 81] Do gheall Garaidh coibche chóir
82] dona mnáibh gion gur chomhall dhóibh
83] go bfeca dúal ó gach mnaoi
84] 'na glaic chuanna don chéad-mhnaoi.
- 85] O d'chonnairc Garaidh nár mhín
86] a raibh astigh do chlannuibh rígh
87] a ndiaigh na dála gan ghus
88] do iadh go dána an dorus.
- 89] Narab beó Garaidh go bráth
90] ó táthaoi-se astigh go teann
91] ma leigenn duine astech
92] ná duine amach dha bfuil ann.
- 93] Gluaisighes Garaidh isin ghlenn
94] mar bhí an tigh ag tuitem
95] a nglenn Cuaich san Mumhain amuigh
96] do choduil 'na dheghaidh-sin.
- 97] Iongnadh an ní tarfás dam
98] do ráidh Fionn Féinne Gaodhal
99] gáir con is ban is daoine
100] dha losgadh 's ag éagcaoine.
- 101] Créad an ceó-so chugainn aniar
102] do ráidh Fionn flaith na bFian
103] is ceó éagcosgartha dha chur
104] nó tighe dha géarlosgadh.
- 105] Tugamar léim iongantach áigh
106] fágbhamaoid ar seilg gach áird
107] 's ní bfuaramar dhar ttighthibh shoir
108] acht bun gach cleithe a ttalmhuin.
- 109] Do chuir gach fer crann a shleighe
110] fán mbantracht is fán móirthine
111] 's ní bfuaradar dha mnaibh ghrádhach
112] acht oirdinid dubha tóiteáin.
p.24
- 113] An bás-sin fuair Lughaidh
114] níor bhás cnesda do churaidh
115] a éag do chumhaidh a mhná
116] Lughaidh géar mac Lúchormáin
- 117] Ní raibh Fionn na Féinne
118] 'na bhethaidh gé bhí dhá héise
119] nert mná seólta fá n-a chéile
120] ní raibh san bflaith Féinne,
- 121] Loisgther annsin mbruighin shiar
122] ben is fearr do bhí ag Fionn riamh
123] fa solus a gruaidh 's a glac
124] Ailbhe áluinn ghruaidhbhrec.
- 125] Do loisgedh ann dhá each Fhinn
126] agus a charbad ard aoibhinn
127] budh mhór esba an tighe
128] do mhac Cumhaill Almhuine.
- 129] Do loisgedh céad sgiath dualach
130] is céad cotún cathbhuadhach
131] is dha chéad lúithrech is dhá chéad lann
132] is dha chéad sgabal is cathbharr.
- 133] Do loisgedh céad ech díola
134] fa eachuibh an áird-ríogha
135] gona n-uchtachuibh gloine
136] gona srianuibh ór-dhaithe.
- 137] Do loisgedh thrí chéad cuileán con
138] fa mór an esba iad-san
139] le Garaidh a mbruighin Fhinn
140] do chonuibh áille mhic Cumhaill.
- 141] Do loisgedh thrí chéad cisde mór
142] do choimhéadach airgid is óir
143] do loisgedh 's ní bréag a rádh
144] thrí chéad corn 's trí chéad copán.
p.26
- 145] Dobheirim briathar dham Dhia
146] fám chloidhemh agus fám sgía
147] gur éag dho chumhaidh a mban
148] deich gcéad mar Lughaidh Lámhgheal.
- 149] Do loisgedh ann cruit Dháire
150] do loisgedh suanán Saighne
151] an tan do seinntí iad gan gheis
152] Fianna Fhinn do chodhla leis.
- 153] Do loisgedh thrí chéad senóir seng
154] do ríogh-mhaithibh Fhiann Éirenn
155] do chlannuibh Griogóil maille
156] do chlannuibh bríoghmhara Baoisgne.
- 157] Do loisgedh thrí chéad caillech
158] san mbruighin álainn ardbhladhach
159] is altrom mac righ fa leith
160] ar mhac Cumhaill Almhaine.
- 161] Do loisgedh thrí chéad inghen maol
162] budh sholusda ucht agus taobh;
163] budh áluinn an bhantracht chain
164] dha loisgedh is dha n-iomghain.
- 165] Naoi n-oidhche dhúinne iarsan
166] is sinne ag lorgairiocht Gharadh:
167] fuaramar Garaidh gairbhliath
168] annsin gcarruic ós Chraoibhliath.
- 169] Mar chonnarcadar a chéile
170] Garaidh is Fionn na Féinne
171] días fa calma ar gach casán
172] amgar thugsat achmusán.
- 173] Sgáth uainne is aithis ort a fhis
174] a Gharaidh ghairbh ghnúisghil
175] do loisgis ar mná ferda
176] dhuit is aibhéis a troimcheasda.
p.28
- 177] Tiaghaidh uainn isin uamhaigh
178] drong romhór d'ar sluaghaibh
179] gabhaidh an féitech fionnach
180] is tabhraidh amach an seinsionnach.
- 181] Ós tú fein atá dhom sheilg
182] a dheighmhic Cumhaill airmdheirg
183] tar isin uamhaigh dham fhionnadh
184] is gabh go cruaidh mo sheinfhionna.
- 185] Do rádh Fionn flaith Féinne Fáil
186] tabhraidh Garaidh libh a láimh
187] déanaidh a luighe is a lecht
188] mar do loisgedh leis an bantracht.
- 189] Deichnemhar is fithche céad
190] ochtar agus sé fir dhéag
191] do thuit le Garaidh san uamhaigh
192] mór an t-armaigh aonuaire.
- 193] Thre fhad bhí Garaidh gan bhíadh
194] thug urchor uaidh dha sgíath
195] do chuir lámh fá n-a bhroinne bháin
196] is táinig amach 'na aonarán.
- 197] Mían cluiche nó gáire
198] 's gan a thoil d'aoinní dhá áille
199] ní raibh ar Garaidh gharbh
200] go bhfeca an bantracht lánmharbh.
- 201] Mar do chonnairc Garaidh garbh
202] an bhantracht loisgthe lánmharbh
203] léiges gáire ós a gcionn
204] do chlos fa Fhiannuibh Éirenn.
- 205] Aoibhinn liom bhar mbeith mar sin
206] an bhantracht do rádh Garaidh
207] ionnus nach gnáthóchadh sibh go búan
208] fonamhadh fa shenóir lantrúagh.
p.30
- 209] Iarruim d'athchuinge ort a Fhinn
210] do rádh Garaidh ó Chroimlinn
211] gan mo mhille mór an modh
212] go tráth éirghe ar n-amhárach.
- 213] Is let an athchuinge sin uaim
214] do rádh mac Cumaill armruaidh
215] gan do mhille ar an maighin
216] go tráth éirghe ar maidin.
- 217] Garaidh an oidche sin gan bhíadh
218] is dhá choiméad do bhí an Fhíann
219] ag éirghe dhon ghréin go moch
220] do éaluigh Garaidh fán éadach.
- 221] Do éaluigh Garaidh ón bhFéinn
222] 's níor bhfes do nech díobh a réim
223] gan fhios aca ar talmhuin troim
224] cár ghabh Garaidh ó Liatroim.
- 225] Thar slíabh Tulchon dhó go fíor
226] go rainig Tuaigh Inbhíor
227] ó Thuaigh Inbhíor na nglonn
228] uchán is damhna déarthrom.
- 229] Go Magh an Róid thar gach raon
230] go Dún Mhacha na mórnaomh
231] go Carn Éile inghine Echdach
232] gluaisighes Garaidh géir-ethach.
- 233] Go Mag an Bhoill bheó 'na réim
234] láimh deis le Dún an Laoich Léith
235] tarla a nGlenn Beacáin bhinn
236] láimh re cenn Locha Liatroim.
- 237] Iarsan dhó go hárd ós muir
238] do Gharaidh garbh mhalachdhuibh
239] teid san uamhaigh do léim
240] codlus ann Garaidh gairbhléith.
p.32
- 241] Níor mhothaigh Garaidh an Fíann
242] gur chruinnighedar anoir 's aníar
243] léigset san uamhaigh gáir chatha
244] a chodla fa codla nemhthrátha.
- 245] Comraiges Aodh is Garaidh géar
246] san uamhaigh fa damhna déar
247] gur bhain a chenn dha athair
248] fa gníomh uathmar anaichnid.
- 249] Don láimh sin do mharbh Garaidh
250] do líon fuacht is do líon galar
251] fuil Garadh dochuaidh fan láimh
252] budh chóir gach galar do ghabháil.
- 253] Tháinig Aodh amach 'na réim
254] ní bhfuair sé duine dhon bFéinn
255] bádhas é féin san bfairrge na ttonn
256] Aodh fa damhna déarthrom.
- 257] Adhluicther Garaidh is Aodh
258] ar shlios an chuain taobh re taobh
259] tre smuaineadh orrtha gach n-úair
260] is tinn mo chroidhe 's as trúagh.
- 261] Ag sin dhuit a Phádraig sgéal
262] is mé Oisín go n-iomad n-éacht
263] tre mhéid do shnímh dha luadh
264] is tinn mo chroidhe 's as trúagh. Truagh.