Corpus of Electronic Texts Edition
A bhean lán do stuaim (Author: Seathrún Céitinn(?))
p.133
- 1] A bhean lán do stuaim,
2] cuinnibh uaim do lámh;
3] ní fear gníomha sinn,
4] cé taoi tinn dár ngrádh.
- 5] Féach ar liath dom fholt,
6] féach mo chorp gan lúth,
7] féach ar thraoch dom fhuil, -
8] créad re bhfuil do thnúth?
- 9] Ná saoil mé go saobh,
10] arís ná claon do cheann;
11] bíodh ar ngrádh gan ghníomh
12] go bráth, a shíodh sheang.
- 13] Druid do bhéal óm bhéal, -
14] doiligh an sgéal do chor;
15] ná bíom cneas re cneas,
16] tig ón dteas an tol.
p.134
- 17] Do chúl craobhach cas,
18] do rosg glas mar dhrúcht,
19] do chíoch chruinngheal bhláith,
20] thairngeas mian gach súl.
- 21] Gach gníomh acht gníomh cuirp,
22] is luighe id chuilt shuain,
23] do-dhéanainn tred ghrádh,
24] a bhean lán do stuaim.
- 25] A fhinnebhean tséimh shéaghanta shárchaoin tsuairc
26] Na muirearfholt réig raonfholtach fá a ndíol gcuach,
27] Is iongna an ghné thaomanach fhásaíos uait;
28] Cé duilig an sgéal, tréig me agus tág dhíom suas.
- 29] Do-bhirim-se fém bhréithir, dá mbáití an slua
30] San tuile do léig Vénus 'na táclaí anuas,
31] A bhurraiceach bhé mhéarlag na mbánchíoch gcruaig,
32] Is tusa mar aon chéidbhean do fágfaí im chuan.