Corpus of Electronic Texts Edition
A bhean na lurgan luime (Author:	Maccon Ó Cléirigh)
p.126
- 1] A bhean na lurgan luime
 2] (gé taoi ainteann orainne!),
 3] gé tám tinn ré mbás, a bhean,
 4] ní budh cás linn do léigean.
p.130
- 5] Iomdha cúis fá madh cóir damh,
 6] a luirgneach lom, do léagadh;
 7] tú trá is cumhga croidhe,
 8] is burba 's is baoghlaighe.
- 9] Tú is caoile 's is cuimhge,
 10] tú is teó 'nar dtiomchailne,
 11] tú is fuaire uair eile,
 12] tú is cruaidhe 's is caintighe.
- 13] Gé tá bulla leat id láimh
 14] fá bheith liom pósta ón bpríomhfháidh
 15] (móide a ghrás cia do crochadh),
 16] ní cás le Dia ar ndealachadh.
- 17] Do bhulla, a bhréagóg fhallsa,
 18] ní fiadhain é oramsa;
 19] bulla soin ar nách cóir cion,
 20] ní thoir sa Róimh do rinneadh.
- 21] A mheirdreach labharthach lonn,
 22] nách cruaidhe hoiread d'iarann,
 23] créad rom-beir re mnaoi dod mheas?
 24] gan geir a-taoi, gan toirrcheas.
- 25] Siobhlach ort a-nunn 's a-nall,
 26] seirbhe do ghuth ná an gafann;
 27] cruth nách casmhail do dhuine
 28] do chruth arsaidh iarnaidhe.
- 29] Do bholg tana ar-n-a tholladh
 30] mairg do-chí ar céadlongadh,
 31] tuar gorta go bráth, a bhean;
 32] do lochta ar chách ní cheileabh.
p.131
- 33] Gé nách beinn libhse ag lighe,
 34] fóirfidh Mac na Maighdine;
 35] go mbeire mé a-nunn ar neamh
 36] an Té do chum an chéidbhean.