Corpus of Electronic Texts Edition
A bhean chridhe chompánta (Author: Eochaidh Ó hEoghusa)
p.126
- 1] A bhean chridhe chompánta,
2] mar taoi, is amhlaidh do shaoileas;
3] bídh ann, a shuairc shoghrádhach,
4] faol oile i gcroiceann caoireach.
- 5] Má tá nách beinn láindíleas,
6] beag mo shuim ar thoil ndéinmhe;
7] do bhí mise im chláiríneach,
8] tuigim bacaighe bhréige!
- 9] Bíodh a dheimhin agaibhse
10] arís oram nách brisfe;
11] ná fliuch dá thaobh t'fhallainge,
12] ná caill cách oile is mise.
- 13] Misde a fhad gur aithneamar
14] h'éadach agad 'gá iompádh;
15] ní misde! ní loisgeabh-sa
16] an mhéad mhaireas dom thiompán.
- 17] Do bhí mise i gConnachtaibh
18] seal fada ag foghlaim chluana;
19] ná bean dúinn san obair-se,
20] ní fhuil ionnad acht tuata!
- 21] Do b'fhada mé neamhthuigseach,
22] luach mo mhúinte díom dlighe;
23] mé feasta ní meallfaidhear;
24] beannacht duit, a bhean chridhe.
p.129
- 25] A fhir chroidhe charaim-se,
26] do-bheir do thoil 'na tuile,
27] saoiltear le gach gadaighe
28] nách díleas neach sa chruinne.
- 29] Atá tusa malairteach,
30] ní dhéanaim bacaighe bhréige;
31] atáim umad amhairseach
32] ó do bhraitheas do mhéin-se.
- 33] Neach mar thú ní fhacasa;
34] cách ort ní chaillfe mise;
35] ní fhuil fliuch dom mhatal-sa
36] acht an mhéad do bhean ribhse.
- 37] Mise choidhche ód chaidreamh-sa
38] do chaillis, más luach tiompáin;
39] ná bíodh ort 'na aithreachas
40] a bhfuil liomsa dod dhioghbháil.
- 41] Dá mbeinn le cluain d'ealadhain,
42] más cléireach mé nó tuata,
43] ar neach do fhóirfeadh mh'anacair
44] do rachainn do chur cluana.