Corpus of Electronic Texts Edition
A fhir do-ní an t-éad (Author: unknown)
p.126
- 1] A fhir do-ní an t-éad,
2] binn an sgéal do chor;
3] ní tuilltear é uait,
4] is iongnadh gruaim ort.
- 5] Bean dhoidhealbhtha dhuairc
6] minic nach bhfuair gean;
7] gidh iongnadh leat é,
8] is leat féin do bhean!
- 9] A ghiolla na rún,
10] is ait dúinn do chor,
11] ag coimhéad do mhná,
12] sin an fál gan ghort!
p.127
- 13] Aon do chéad do chách
14] atá slán mar taoi;
15] ní fáth eagla dhuit
16] teanga i bpluic fád mhnaoi.
- 17] Ná creid neach dá mair
18] ort dá brath go héag;
19] ná fágaibh-se an tír,
20] a fhir do-ní an t-éad!