Corpus of Electronic Texts Edition
A fhir éadmhair 'gá mbí bean (Author: unknown)
p.124
- 1] A fhir éadmhair 'gá mbí bean,
2] éirigh fán gcioth fear-mar-chách;
3] má tá tusa ar tí bheith réidh,
4] ná tuig choidhche méin do mhná.
p.125
- 5] Éigean di bheith do na mnáibh,
6] gibé páis a ngeóbhaidh tríd;
7] tá sí ar aimsir ag an ngrádh,
8] ní haici féin a-tá sí.
- 9] Ná creid do radharc do shúl,
10] leath a dtuigfe tú ná tuig,
11] ná gabh sgéal dearbhtha acht 'na bhréig,
12] éisteacht do chluas féin ná cluin.
- 13] Fulaing do spochadh go mín,
14] ná cuir suim i ní fán ngréin;
15] isí sin an chríonnacht deit,
16] bheith it óinmhid leimh gan chéill.
- 17] Ith biadh, is codail do sháith,
18] 's ná fionnadh sí do pháis bhocht;
19] beir an dá lathaigh do léim;
20] ar mhéin na mná-soin séid sop.
- 21] A fhir éadmhair ná féadan gan grá dhise,
22] Séid sop ar mhéin do mhná limhe;
23] Mara ndéanair an méid sin, ar ghrá h'inig
24] Éirig tar gach aongheilt i mbárr mire!