Corpus of Electronic Texts Edition
Thugas grádh don fhuath (Author: unknown)

p.123

  1. 1] Thugas grádh don fhuath,
    2] cuirim suas don ghrádh;
    3] ní fiú é bheith ris,
    4] do bhris sé ar a lán.
  2. 5] Córaide fuath dhó
    6] brón 'na dhiaidh do ghnáth;
    7] do-ní fós, dar linn,
    8] tinn an duine slán.
  3. 9] An fuath cé gur mór,
    10] a chlódh ní badh cás;
    11] féadfar sgaradh ris, —
    12] ní mar sin don ghrádh.
  4. 13] Rochóir grádh don fhuath,
    14] buan duine 'na dhiaidh;
    15] dá raibh grádh dod ghuin,
    16] ní fhóir luibh ná liaigh.
  5. 17] Do chonnarc-sa bean
    18] is fear uirthi i ngioll;
    19] nó go bhfuair sé bás,
    20] ní bhfuair grádh dá chionn.
  6. 21] Mise gibé mé
    22] béaraidh mé go buan;
    23] gidh annamh a rádh,
    24] thugas grádh don fhuath!