Corpus of Electronic Texts Edition
Do chuaidh mo shúil tar mo chuid (Author: Eochaidh Ó hEoghusa)

p.121

  1. 1] Do chuaidh mo shúil tar mo chuid!
    2] oram féin ní bhfuil mo neart;
    3] ní chreidim, – is cuma leam
    4] má tá an sgéal is fearr gan teacht.
  2. 5] Dá ngealltá mil ar gach mír
    6] dhamhsa, a bhean ó a mbím i bpéin,
    7] as t'fhocal ní fhuilim teann, —
    8] each do buaileadh 'na ceann mé.
  3. 9] Asam féin do beanadh leam,
    10] nochan as glór dár gheall sibh;
    11] sástar an santach le bréig,
    12] truagh nár mealladh mé mar sin!
  4. 13] An gealladh-soin agad féin
    14] beag an tarbha 'na dtéid damh;
    15] ní bhéaradh ar chrioth im chrúibh,
    16] dá mbeith cabhair dúinn i ngar.
  5. 17] Do chuaidh dhíomsa gan bheith bocht,
    18] ní hadhbhar do chosg mo phian;
    19] t'fhocal-sa 'na ghealladh mná,
    20] 's mé féin dona mar tám riamh.
  6. 21] An t-anam-sa an uair do mhar,
    22] truagh nár dhruideas i ngar duit;
    23] duine dona adubhairt riamh

  7. p.122

  8. 25] Nó go gcreide mé na mná,
    26] ní chreideabh féin go bráth duit;
    27] más í an mhaith is goire dhúinn,
    28] do chuaidh mo shúil tar mo chuid!