Corpus of Electronic Texts Edition
Mairg duine bhraitheas é féin (Author: Domhnall mac Dáire Mac Bruaideadha)
p.113
- 1] Mairg duine bhraitheas é féin!
2] mo bheart is dá héis do-chím;
3] ní fhionnfa neach fir ná mná
4] mo rún féin go bráth a-rís.
- 5] A bhean chumainn, a chruth fial,
6] do bhí agam riamh i ngioll,
7] (mairg léigeas a rún le mnaoi!)
8] fuaire a chách a-taoi fám chionn.
- 9] Oram féin do fríth an locht,
10] ní beag nod dá chur i gcéill;
11] tig an cumann druim-tar-ais,
12] buailtear duine dá shlait féin.
- 13] Ní thiubhrthá orlach ar ór
14] díom, a inghean is óg snuadh;
15] ciodh gearr ó 'niugh gus i-né,
16] do bhuaidhir mé an t-uisge suas.
- 17] Méad na toile tugais dúinn
18] mairg dár gealladh, a ghnúis nár,
19] umam féin ó 'taoi go fuar;
20] comhfhada théid fuath is grádh.
- 21] Do chuala féin fad' ó riamh
22] cumann deise do dhiall ruinn,
23] duine i Mumhain na múr ngeal
24] díobh, is duine do Leath Chuinn.
p.114
- 25] Do bhádar dá bhliadhain déag
26] an dá sgoláir (fá sgéal suairc)
27] gan deadhail gá díochra searc
28] ar fud Éireann teas is tuaidh?
- 29] D'éis a múinte i mbailtibh sgol,
30] dála an chúpla ar nách gclos béim,
31] do thionnsgain gach duine dhíbh
32] dol an tráth-soin dá thír féin.
- 33] Do b'iad ráite an fhir a-ndeas,
34] 's an sruth déar ag teacht re a ghruaidh;
35] "Ní dóigh go bhfaiceam, a ghrádh,
36] gnúis a chéile go lá an Luain."
- 37] "Dá dtí," ar an sgoláir a-dtuaidh,
38] "olc do cheachtar uainn dá bhríogh,
39] ós ag deadhail dúinn ar ndias,
40] go madh dhuitse bhias a dhíoth!"
- 41] D'éis ar gcumainn gus a-nocht
42] ní mór, a bhean na bhfolt slim,
43] nách í freagra an fhir a-dtuaidh
44] fuaras uait ag sgaradh rinn.
- 45] Ní hí h'anshocracht ná t'fhearg,
46] ní díth céille, ní ceard bhaoth,
47] ní cruas, ní droichtheist, ní tnúth,
48] do-bheir deadhail dún ar-aon.
- 49] Gan tú san chúige i mbíodh Meadhbh,
50] nó i gcrích Laighean na learg réidh,
51] nó i ndúthaigh Dheadhaidh mhic Shin,
52] tug mo dheadhail ribh rem ré.
p.115
- 53] Ní fhuarais, gidh meanma shaobh,
54] a ghlac shocair gan taom gcruais,
55] cúis mo thréigthe acht mé id ghar;
56] maith gach cunnradh i bhfad uait!
- 57] Gach ar léigeas leat dom rún,
58] a ghéag úr an aignidh shéimh,
59] aithnim díot a cheilt ar chách
60] go bráth bráth, 's a cheilt ort féin!
- 61] Im ghar choidhche, is bím gan fear,
62] a ghnúis díoghainn na ndearc mall,
63] an fear leis nách beitheá réidh
64] ní léigfinn féin ar chéad marg.
- 65] A stuaigh mhíolla na mbas ngeal,
66] gé léige mo shearc i bhfaill,
67] fuaire id thoil ní thugas fós;
68] mo sgaradh riot gá mó mairg?