Corpus of Electronic Texts Edition
Ní mhair séan do ghnáth (Author: unknown)
p.105
- 1] Ní mhair séan do ghnáth,
2] do dhearbh a lán é,
3] amhlaidh sin nách cóir
4] teann as glóir dá méid.
- 5] Gnáth gach deasgadh searbh;
6] tarla a dhearbh liom,
7] gach flaitheas dá mhéid
8] go dtéid bun-as-cionn.
- 9] Mór mo ghuais i-niu,
10] fada ón riocht i-né;
11] a shaoghail na lúb
12] is tusa tú féin.
- 13] Dá bhféachthaoi fó seach
14] cách ó bheag go mór,
15] ní fhuil bocht fón ghréin
16] do dhlighfeadh déirc róm.
- 17] Dá ndeachainn dá mheas,
18] beag nách leamh mar tám;
19] go deó mairfe sinn
20] im dhuine thinn shlán.
- 21] An bhean so rom-chráidh,
22] ní mé a-mháin do mheall;
23] cóir a iomchar lé,
24] do bhí sé 'nar gceann.
p.106
- 25] A bhfuil teas is tuaidh,
26] ní críonna uaim súd,
27] mar táid tríthi ag searg,
28] nách tearna dealg dhún.
- 29] Ní fhuil feidhm bheith ria,
30] olc an chiall a cor;
31] ionann mharbhas sí
32] an rí is an bocht.
- 33] Im riocht féin a-rís
34] ní bhiam go dtí an bráth;
35] beag nách leamh mo sgéal;
36] ní mhair séan do ghnáth!