Corpus of Electronic Texts Edition
Mairg duine bhíos antuigseach (Author: unknown)
p.102
- 1] Mairg duine bhíos antuigseach,
2] dhamh féin bheanas an focal;
3] ní le súil a santaigheann,
4] uch! ní leamsa an ní ad-chonnarc.
- 5] Téighim do thaobh m'ainbhfis-se
6] d'fhéachain mná na mbas mbairrsheang;
7] do b'fhearr gabháil thairsise,
8] seachnaidh súil ní nách bhfaiceann.
- 9] Mise ag déanamh antuigse,
10] drud ria ar fhuráil m'aignidh;
11] is lia fear dar bh'altaighthe
12] a leithéid uaidhe d'fhaicsin.
- 13] Dhise ar feadh m'amhairc-se
14] tarla mé, mór an uirrim;
15] nár fhaice súil anduine
16] feabhas na háite a bhfuilim.
- 17] Ar dhrud re a dreich shéaghanta
18] ó nách bhfuil árach agam,
19] gabhaim cead a féachsana,
20] buidhe le bocht a bhfaghann.
- 21] I ngar dá cruth drithleannach
22] fada bhím 's gan bheith uaisti;
23] dar leat, is mé an t-ifreannach
24] do bhí fá bhun na cruaiche.
p.103
- 25] Dá mbeinn-se i n-áit aonaráin
26] 's an bhean-san, gér thaom dána,
27] níor-bh'fhearr an liaigh Iopragáid
28] ná mé san síneadh lámha.