Corpus of Electronic Texts Edition
Truagh do bheatha, a bhean a-réir (Author: unknown)

p.99

  1. 1] Truagh do bheatha, a bhean a-réir!
    2] an ngoilleann ort féin mar taoi?
    3] ní chuala féin thuaidh ná theas
    4] leath th'ainnise ar fhear ná ar mhnaoi.
  2. 5] Ar chréatúir dár chruthaigh Dia
    6] ní chuala riamh leath bhar n-olc;
    7] don duine is boichte fán ghréin
    8] ní thiubhrainn féin mo dhéirc thort.
  3. 9] Gach martra dá bhfuilngeann tú,
    10] gach crádh croidhe, a chúl na sreath,
    11] dá bhfuilngeadh sibh ar son Dé,
    12] do rachthá gan péin ar neamh.
  4. 13] Más dod dheóin ataoi mar sein
    14] ní mór gur bh'fhearr dheit, dár ndóigh,
    15] dá mhéad (coir) dá ndearna tú,
    16] dol ar do dhá ghlún don Róimh.
  5. 17] Is truagh leam nách léigthear doit
    18] gidh beag féachain soir ná siar;
    19] dom dhóigh, ní léigfidhe leat
    20] a rádh go madh geal an fiach.

  6. p.100

  7. 21] Gé 'taoi cosmhail mar chuid súl,
    22] badh gearr mhairfeas tú mar taoi;
    23] ionann do bheatha 'gus bás;
    24] dar leat, tugais grádh do mhnaoi.
  8. 25] Cuid dod dhonas (dia do bhéad)
    26] nách deacha tú d'éag 'na thráth;
    27] uch, mo thruaighe, ataoi fa-ríor!
    28] id chairdeas Chríost ag an mbás.
  9. 29] Ní mór an truaighe atá dheit, —
    30] móide a dhonas dod dhreich naoi;
    31] do chreidfeadh cách cumhacht Dé,
    32] muna bhfaicdís féin mar taoi.
  10. 33] Iomdha giolla séaghain suairc
    34] do bhí san riocht-soin uaid féin;
    35] ní bhí an saoghal acht fá seach;
    36] truagh do bheatha, a bhean a-réir.