Corpus of Electronic Texts Edition
An sgítheach tú, a mhacaoimh mná (Author: Gofraidh mac an Bhaird)
p.95
- 1] An sgítheach tú, a mhacaoimh mná,
2] nó an lór libh an líon teastá
3] tred chéibh ródghloin bhfíthe bhfinn
4] d'ógbhaidh gach críche i gcoitchinn?
- 5] Dá madh tarbha a n-agra ort,
6] lot fear ná buaidhreadh bantracht,
7] mór do dhíth oirir Eórpa
8] red throighthibh síth (sáir)leónta.
- 9] Ní fhuil d'áille it aghaidh sheing,
10] ní fhuil d'fhoistine it intinn,
11] a ghruaidh úr ghealghairthe ghlan,
12] acht súr meadhraighthe meanman.
- 13] Tríbh do rad, a rún miochair,
14] troid do na trí haitheachaibh,
15] bas tlachtbhán fa corcra i gcath,
16] daltán ochta na nUlltach.
- 17] Nó is tríbh tugadh (trom an choill)
18] bearradh geóin ar Choin gCulainn
19] ris an gcuraidh, re Coin Raoi,
20] isan Mhumhain ghloin ghéagnaoi.
- 21] Mac Dáire i ndíol a mhasla
22] ciorrbhas an Cú éachtach-sa;
23] lot an churadh a crígh Bhreagh
24] a chumhal is díbh dlighthear.
p.96
- 25] Nó is tríbh tángadar tiogh laoch,
26] gasradh Ghréag na ngreagh neambaoth,
27] do thimhneadh teaghlaigh na Traoi,
28] a fhinngheal gheanmnaidh ghlórnaoi.