Corpus of Electronic Texts Edition
Corrach do chodlas a-réir (Author: Tadhg Ó Cobhthaigh)
p.93
- 1] Corrach do chodlas a-réir,
2] codladh do ba docair dhúinn;
3] ag so an chrithear bhuan nách báidh,
4] gual an ghráidh ag ficheadh fúinn.
- 5] Mo chodladh fá codladh saobh;
6] tre chodladh corrach do-chiam
7] bean bhruit uaine, is sionn ar suan,
8] stuagh fhionn do ba nuaidhe niamh.
- 9] Trem chadladh do conncas dúinn
10] (níor chomhtha rer ghabhtha gráin)
11] stuagh mhéirsheang fá meadh do rígh,
12] bean 'gá mbím i ngéibheann gráidh.
- 13] Ní hionann grádh oile is í,
14] mo thoil-se mar tá don mhnaoi,
15] (truagh gan mo ghrádh dhuid, a Dhé!)
16] mé 'gom ghuid ar lár an laoi.
- 17] Doigh sheirce dom tholladh tríom;
18] ar chodladh ní leigthear luadh;
19] ón ghruaidhghil is tinn atám;
20] buaidhridh a grádh sinn dár suan.
- 21] Ar gcur mh'aignidh 'na gruaidh ghil,
22] suan ar ar n-aire ní fhuil;
23] toirrcheas na heirce is í soin;
24] doigh sheirce trem chlí do chuir.
p.94
- 25] Rug m'aire d'imirt is d'ól
26] an ainnir is gile gruadh;
27] rug a tromghrádh sinn dár seól;
28] ceól mar orghán linn a luadh.
- 29] Searc mná ón dodholta dhúinn,
30] lán robharta ag teacht i dtír;
31] mar badh moir i gcomhdháil chuain
32] do chuaidh doigh a tromghráidh trínn.
- 33] An tol-sain (gá tine is teó?)
34] im chridhe 'na cosair chró,
35] 'gom shíorghoin as-toigh a-tá;
36] toil mná gá míorbhail is mó?
- 37] 'Na lán mara do mhoigh tríom
38] an toil nách lamhar do luadh;
39] cosg na toile is ar gan fál,
40] lán do ghabh san chroidhe cuan.
- 41] Ní aithnim umha tar ór,
42] ní aithnim uisge tar fíon;
43] mo chroidhe gonta dá grádh,
44] lán moire ara docra díon.
- 45] Nó go bhféachar a folt fann
46] agus réalta na rosg gcorr,
47] ní faghar glóir acht glóir ghearr;
48] dóigh leam gur cadhan an chorr.