Corpus of Electronic Texts Edition
Aithreach damh mo dhíochoisge (Author: Unknown)
p.81
- 1] Aithreach damh mo dhíochoisge,
2] ní glic nách gabhann teagasg;
3] a bhean thug mo shníomhthuirse,
4] maith do fhéadas do sheachna.
- 5] Ó nách raibh im chumasa
6] uaim féin gan teacht dot fhaicsin,
7] is éagcóir nach dtugaise
8] cead h'amhairc dhúinn i n-aisgidh.
p.82
- 9] Fa-ríor! isé an fuarastar
10] mionca ar dturas dot fhéachain;
11] má tá ann, ní fhuarasa
12] áit is sona ná a chéle.
- 13] Acht gidh minic ránag-sa
14] dot fhéachain truagh an neimhchiall,
15] dot tharbha ní thárrasa
16] cuid ghiolla an eich don gheirrfhiadh.
- 17] Níor thógbhais dom fhéachain-se
18] an rosg coinnleach mar chriostal;
19] níor ghuais damh nimh th'fhéachsana
20] dá madh tú Baisilioscus!
- 21] Díomsach dár mac samhlaine
22] smuaineadh 'na intinn ortsa;
23] fa-ríor! atá an antuigse
24] riamh i leanmhain na bochta.
- 25] Croidhe uaibhreach easumhal
26] iomdha uaibh d'éis a leónaidh;
27] is éagcóir nár leanasa
28] eisiomláir mhúinte an leómhain.
- 29] Cur mh'éaga-sa i n-aithghirre
30] maith liom a los mh'anma;
31] dá bhfaghainn ré n-aithrighe,
32] mar sin badh dócha ar ndamna.
- 33] Mise uaid go haithmhéalach
34] fa-ríor! ní himirt Domhnaigh;
35] dar leat, ní mé an maiccléireach
36] do bhean an déirc do Ghormfhlaith.