Corpus of Electronic Texts Edition
Leatrom so, a inghean Úna (Author: Unknown)

p.80

  1. 1] Leatrom so, a inghean Úna,
    2] sibhse slán (seól iomthnúdha),
    3] mise tinn ó theacht toraibh, —
    4] ní ceart rinn do rónabhair.
  2. 5] Ní hionann soin is bhar slios
    6] 'na bhfuil ionnfhuaire oircheas, —
    7] dom chneasghoin a-tám re treall,
    8] fál do theastaidh im thimcheall.
  3. 9] Ní curtha i n-iongnadh oraibh
    10] bás d'imirt ar mh'ionamhail,
    11] a ghéag dán crannghal crú Chais,
    12] is tú do mharbhadh Mhaghnais.

  4. p.81

  5. 13] Anois is ísle an éigse,
    14] ní fáth leóin mo leithéid-se;
    15] do sgar creachMhaghnas Ó Caoimh
    16] re magh gcleathbharrchas gCathaoir.
  6. 17] Aithreach duit a ndearnais air,
    18] Mac Í Chaoimh dár chóir féachain;
    19] mór fá a cheann d'fholtanas ort,
    20] a sheang ochtsholas éadrocht.
  7. 21] Atáid diomdhach dod dhreich ghloin
    22] mná agus filidh Fhóid Fhionntain
    23] (díth is mó dár dhearbhais dáibh)
    24] tré a ndearnais dó do dhíoghbháil.
  8. 25] Mac Í Chaoimh a-bhos gan bhrígh
    26] uait, a Eisibéil Stívín,
    27] (is) mise tinn don taobh thall, —
    28] ar-aon ní linn nách leatrom.