Corpus of Electronic Texts Edition
Baoghal dí, lá an Bhreitheamhnais (Author: Unknown)
p.79
- 1] Baoghal dí, lá an Bhreitheamhnais,
2] díoghal Dé a los ar marbhtha;
3] do choir chiontaigh neimhchiontaigh
4] táinig dise goid mh'anma.
- 5] Bás duine do luathaghadh
6] (cé tá duine dan sochar!)
7] 's a comharsa d'fhuathaghadh,
8] do rinne sí dhá dhochar.
- 9] Nár ghrádhaigh a comharsain,
10] mar do fhágaibh Dia i dtalmhain,
11] ní ar son mo dhochair-se,
12] measa liom é dhá hanmain.
- 13] Anois am an aithreachais;
14] meince ar gcuarta dá féachain,
15] iomarcaidh an aitheantais
16] tarcaisne orm do mhéadaigh.
p.80
- 17] Ise lán dom neamhpháirt-se,
18] mé dá toil gan taom gcéille,
19] an leigheas 's an easláinte
20] atá i n-aghaidh a chéile.
- 21] Atá sise, ad-chualamair,
22] re tochmhairc ar tí a ceangail;
23] fa-ríor nách eadh fuaramair
24] sgéal do sgéalaibh an earraigh.
- 25] A fhir luighfeas aicise,
26] mo chros a haithle ar marbhtha,
27] ar litir dot aibidil
28] do-bhéarainn maitheas Banbha.