Corpus of Electronic Texts Edition
Maith gach ní ón easurradh (Author:	Unknown)
p.77
- 1] Maith gach ní ón easurradh;
 2] do ghéabhainn ar son m'anma,
 3] dá gcreiteá go ndeachamar
 4] dod ghrádh, a bhean ar marbhtha.
- 5] Mise tríot sna crothaibh-se,
 6] tríomsa ní cluintear h'acaoin:
 7] gá dtám, isí ar gcosmhaile
 8] imirt bhodaigh is mhacaoimh.
- 9] Ní hí an mhargáil urusa
 10] sealbh ar n-anma uaibh d'fhuasgladh;
 11] bheith ar seilg do chunnartha
 12] is ceannach leabhair ó thuata.
p.78
- 13] A ghéag an fhuilt bhairrshlimthigh,
 14] acht gidh maith gach ní a-deirim,
 15] gan éag duit dá dtairginn-se,
 16] is troid bhodaigh re ceithrinn.
- 17] Isé is críoch dár sgéalaibh-ne,
 18] a bhean do mharbh a marann,
 19] ní rachainn dot fhéachain-se,
 20] dá mbeith mo chuid im anam.
- 21] Córaide dhamh neamhthuirse,
 22] gidh aibhseach méad ar bpudhair,
 23] ón ruaig-se dá ndeachainn-se
 24] 's mé an t-aon i n-aghaidh phubail.ón ruaig-se dá ndeachainn-se
- 25] Ní haithne dhamh éanduine
 26] nár cuireadh leat im chruth-sa;
 27] a sheasamh ní fhéadfainn-se,
 28] ní fhuil ann acht maidhm tugtha.
- 29] Fágbhaim d'aithne acasan,
 30] a maireann d'fhuigheall madhma,
 31] gan teacht choidhche id radharc-sa
 32] go ndéanaid leas a n-anma.