Corpus of Electronic Texts Edition
Goirt anocht dereadh mo sgéal (Author: Maghnus Ó Domhnaill)
p.74
- 1] Goirt anocht dereadh mo sgéal
2] annamh tréan nách dteagthar ris;
3] is dearbh dá maireadh Dian Céacht
4] nách leigheósadh créacht mo chnis.
- 5] Ar mo thuirse ní théid trágh,
6] mar mhuir lán ós ceannaibh port;
7] a bhfuair mé do dhochar pian
8] níor chás rium riamh gus a-nocht.
- 9] Tarla a dheimhin damh, fa-ríor!
10] gurb annamh fíon bhíos gan moirt;
11] is géar an fhobhairt é an brón,
12] dar liom féin is mó ná goirt.