Corpus of Electronic Texts Edition
Cridhe lán do smuaintighthibh (Author: Maghnus Ó Domhnaill)
p.73
- 1] Cridhe lán do smuaintighthibh
2] tarla dhúinne ré n-imtheacht;
3] caidhe neach dá uaibhrighe
4] ris nách sgar bean a intleacht?
- 5] Brón mar fhás na fíneamhna
6] tarla oram re haimsir;
7] ní guth dhamhsa mímheanma
8] tré a bhfaicthear dúinn do thaidhbhsibh.
- 9] Sgaradh eóin re fíoruisge,
10] nó is múchadh gréine gile,
11] mo sgaradh re sníomhthuirse
12] tar éis mo chompáin chridhe.