Corpus of Electronic Texts Edition
Mairg do-bheir grádh leatromach (Author: Maghnus Ó Domhnaill)
p.72
- 1] Mairg do-bheir grádh leatromach,
2] is a thabhairt 'na thuile;
3] och! is cunnradh easbhadhach
4] nách bí duine mar dhuine.
- 5] Tugas, géar chúis ghuasachtach,
6] grádh nár bh'oircheas do thabhairt;
7] och, fa-ríor! ní fhuarasa,
8] gé madh beag, fuath 'na aghaidh.
- 9] Oram rugadh d'éigeantas,
10] measa leam a fhios agam!
11] anam nó dhó i n-éinphearsain,
12] is corp oile gan anam.
- 13] Gibé atá ar tí m'anma-sa,
14] deacraide dhó a bhuain asam,
15] annamh fear mo mharbhtha-sa,
16] i gcorp oile atá m'anam.
- 17] Truagh nách fuil a hanam-sa
18] mar tá an t-anam-sa agam;
19] gidh é a hanam m'anam-sa,
20] ní hé m'anam-sa a hanam.
p.73
- 21] Truagh nách fuil an croidhe-se
22] mar tá ar gcroidhe-ne dhise;
23] gidh é a croidhe ar gcroidhe-ne,
24] ní hé mo chroidhe a cridhe.
- 25] Truagh nách fuil an corpán-sa
26] uirthi tar mhnáibh na Banbha,
27] an stuaigh ríoghdha rosgmhálla,
28] ós í atá ag iomchar m'anma.