Corpus of Electronic Texts Edition
Dar liom, is galar é an grádh (Author: Maghnus Ó Domhnaill)

p.71

  1. 1] Dar liom, is galar é an grádh,
    2] gion go bhfuil fedhm a rádh ris;
    3] croidhe eile dlighim uaidh,
    4] an croidhe-se uaim do bhris.
  2. 5] Ós é féin is ciontach ris,
    6] an croidhe-se thig an grádh,
    7] meisde liom loighead a uilc,
    8] acht nách bhfaghainn cuid dá chrádh.

  3. p.72

  4. 9] Is truagh nách fuath thugas uaim,
    10] is fuath d'fhagháil uaibh dá chionn;
    11] grádh ó dhuine is mairg do-ghebh,
    12] 's is romhairg do-bher, dar liom.