Corpus of Electronic Texts Edition
Cridhe so dá ghoid uainne (Author: Maghnus Ó Domhnaill)

p.70

  1. 1] Cridhe so dá ghoid uainne, —
    2] cá ní is truaighe for talmhain
    3] ná duine i mbí dá anam
    4] do bheith tamall gan anmain?
  2. 5] Uaimse ag inghin an iarla
    6] truagh gan iasacht mo chroidhe,
    7] go dtuigeadh féin nách bhféadar
    8] bréagadh croidhe i mbí toirse.

  3. p.71

  4. 9] Cuirfead iomchar mo chroidhe
    10] ar dhuine oile i-mbliadhna;
    11] gidh eadh, dá gcleachta a iomchar,
    12] biaidh sí diomdhach don iasacht.
  5. 13] Biaidh sí tinn, biaidh sí corrach,
    14] biaidh sí gan chodladh choidhche,
    15] biaidh sí ciamhair cumhach,
    16] biaidh sí dubhach gach n-oidhche.
  6. 17] Ní iarrfa adhbhar gáire,
    18] badh sáimhe lé bheith dubhach,
    19] go sgara sí rem chroidhe
    20] go bráth ní bhfoighe furtacht.
  7. 21] Uch! ní cothrom an roinn-se
    22] do-ní an toirrse, dar linne, —
    23] croidhe nó dhó ag duine
    24] 's duine oile gan chridhe!