Corpus of Electronic Texts Edition
Cia thú, a mhacaoimh mná? (Author: unknown)

p.69

  1. 1] Cia thú, a mhacaoimh mná?
    2] créad is fáth dod chuairt?
    3] uch! is géar rom-chráidh,
    4] más triall do b'áil duit uaim.
  2. 5] Sídh Lir, searc gach súl,
    6] an í súd do threabh?
    7] nó Sídh Buidhbh na mbuadh?
    8] uch, mo nuar! a bhean.
  3. 9] Nó Sídh Cnodhbha chorr,
    10] bruidhean na gcolg ndéad?
    11] nó Sídh chruithgheal Cairn?
    12] nó Sídh Sainbh na séad?
  4. 13] Ná ceil orm do rún,
    14] féach mar tú 'na ghioll;
    15] más tú innis damh
    16] baincheann na mBan bhFionn.

  5. p.70

  6. 17] Ní hiongnadh, a dhreach mhín,
    18] gibé chí do chruth,
    19] baintsíodh riot do rádh,
    20] a ghnúis mar bhláth subh.
  7. 21] Ní dearg deirge an ghuail
    22] i ngar dod ghruaidh ghil;
    23] do dhorchaigh gné an aoil
    24] bheith re taoibh do chnis.
  8. 25] A bhé shaoibhgheal shuairc,
    26] ná himthigh uainn fós;
    27] grás ar dhuine leamh
    28] do rinne bean rót.
  9. 29] Mo bhruid-se an truagh lat?
    30] fogas damh an bás;
    31] mairg nách admhann dún
    32] cia thú, a mhacaoimh mná!