Corpus of Electronic Texts Edition
Ní mé bhar n-aithne, a aos gráidh (Author: unknown)
p.66
- 1] Ní mé bhar n-aithne, a aos gráidh,
2] ná sginnidh le sgáth seachráin;
3] fuar dár seise im ionad ionn,
4] spiorad mheise nách maireann.
p.67
- 5] An dóigh libh, a lucht m'fhéaghtha,
6] nách taidhbhse i dtruaill aieurtha,
7] nó spiorad anma fhallsa
8] tarla im ionad agamsa?
- 9] A aithne is éidir damhsa
10] sibh gan fhiacha oramsa;
11] dá mbeth cás fám éag oraibh,
12] mo bhás créad nách gcualabhair?
- 13] Truagh sin, a dhaoine dona,
14] do chlaochló bhar gcéadfadha;
15] iseadh tharla im ainm-se ann
16] taidhbhse anma gan anam.
- 17] Ní mise an duine is dóich libh,
18] adhradh dhamh is díth creidimh;
19] taidhbhse buile gan aird inn;
20] a Mhuire! is mairg do mhillfinn.
- 21] Dá bhféachthaoi fir na cruinne,
22] annamh fuair dúil daonnaidhe
23] dá ré ar an saoghal acht sinn;
24] do naomhadh mé, má mhairim.
- 25] Gibé a-déaradh nách deachadh,
26] ní fhuil ann acht aimseachadh;
27] ní tráth damhsa a rádha riom,
28] cára almsa lem anam!
- 29] Creidim féin go bhfuaras bás,
30] cumhain liom an lá theastás
31] ar son a mhéada mharas
32] ag cor mh'éaga i-n-amharas.
p.68
- 33] Ní hanbhuain, ní hiomlat mbáis
34] rom-mharbh-sa, acht meisge shóláis,
35] ní sgís meanma (gá mó broid?),
36] ní ró teadhma ná treabhlaid.
- 37] Más dúil do dhúilibh nimhe
38] tug, le taibhreadh n-ainglidhe,
39] goid m'anma gan iodhna báis,
40] iongna damhna mo dhóláis.
- 41] A radharc ó ráinig sinn,
42] och, a Chríost, créad fá mairfinn?
43] dúil do mharbh an uile fhear,
44] is duine marbh nách muirbhfeadh.
- 45] Ní tonn líonmhar leanna duibh,
46] ní neamhghrádh neith ar talmhain,
47] ní hannsa duine gá dtás?
48] rom-dall-sa uile acht uathbhás.
- 49] Ar n-éirghe as an riocht reimhe
50] (creididh sinn go simplidhe,
51] do mharbh sé don uamhain inn),
52] do chualaidh mé go mairim.
- 53] A héagosg ní fhidir mé,
54] ní fhéad súil silleadh uirthe;
55] a hamharc gion gur fhéad sinn,
56] a radharc do fhéag mh'intinn.
- 57] Ós siabhradh meallta meise
58] gan súil éirghe ón aincis-se,
59] nár fhaice súil éinfhir í,
60] an dúil chéillidh ad-chluintí.
p.69
- 61] Ar dtaithbheóadh suil tí dhi
62] Dia dár n-anacal uirthi;
63] ní tharla cás roimhe rinn,
64] an bás oile 'nar n-oirchill.
- 65] Ciall mh'anma an uair do mhaireas,
66] tearc eólach 'na amhaireas;
67] sadh 'gá mbí ciall agus cruth
68] iar, agus í gan fholach.