Corpus of Electronic Texts Edition
Ní taobhtha dhamhsa riom féin (Author: unknown)

p.65

  1. 1] Ní taobhtha dhamhsa riom féin,
    2] ní mise mé i gcáil san mbioth;
    3] go bhfionna mé créad ar gcor
    4] ní mholaim d'aon dol ar m'iocht.
  2. 5] Creideadh nó ná creideadh cách,
    6] go dtí an bráth ní chreidfe mé
    7] nár chaith mise treall i n-uaigh, —
    8] foirceadal uaim oram féin.
  3. 9] Ní fhidir mé — gá dtám ris? —
    10] an mé an t-anam tig anall,
    11] an beó mé nó an bhfuaras bás,
    12] nó an mise féin a-tá ann.
  4. 13] Bheith don tsaoghal ar mo bhreith
    14] cuma nó bheith ar an déirc;
    15] ní háil liom beatha ná bás,
    16] ogal duine mar tá mé.
  5. 17] Uch, fa-ríor! dá gcluineadh cách
    18] (ró sonais ní gnáth gan tnúth)
    19] an chúis fá bhfuilim i bpéin,
    20] d'fhóirfeadh sinne dá mbéim súl.
  6. 21] Fada ó tháinic ceann mo ré;
    22] ní duine mé ren cóir súil;
    23] soraidh linn, fuarsam ar gcead,
    24] tug an saoghal a sheal dúinn.

  7. p.66

  8. 25] Gé atáim-se gan dul ón mbás
    26] im spioraid mhairbh, lán do phéin,
    27] ní shaoilim neach ós mo chionn;
    28] ní bhfuil mo thnúth acht liom féin.
  9. 29] Aon do chéad thuigeas mar tám;
    30] bheith im ghalar ní gnáth leó;
    31] do choideóladh sé ar mo chneidh
    32] gibé adéaradh mo bheith beó.
  10. 33] An bhean-sa rom-chuir i sníomh,
    34] d'fhéadfadh Críost a theacht go maith;
    35] fearr fá mhaitheamh anma an bás,
    36] teist an domhain ó chách air.
  11. 37] Eadamar ní bhfuighe an bocht
    38] an phian a-bhos agus tall;
    39] beannacht dise do mharbh mé,
    40] is í sin an déirc 'na ham.
  12. 41] Nách deachaidh mé d'éag 'na thráth,
    42] dá saoileadh cách go leamh é,
    43] ní fhuil acht sgéal bun-os-cionn:
    44] ní taobhtha dhamhsa riom féin.