Corpus of Electronic Texts Edition
Truagh giorra na hoidhche a-réir (Author: Domhnall Mac Carthaigh)
p.63
- 1] Aisling thruagh do mhear mise,
2] fa-deara an suan síthe-se;
3] amhra do chailg mo chridhe,
4] mairg re dtarla ar dtaibhse-ne!
- 5] Ní thig liom musgladh go moch,
6] ar shuan ní fhaghaim árach,
7] mo thruaighe nár hobadh inn,
8] codal uaire ní fhéadaim.
- 9] Ochán! truagh nách tig mh'annsa
10] i dtaibhse ar cuairt chugamsa,
11] an ghnúis tsoidhealbhdha, an ghruadh ghlan,
12] gidh tuar doimheanmna a deallradh.
- 13] Ní chreidim, ní chreidfe me,
14] a teacht go bráth na breithe
15] im radharc a-rís, dar linn,
16] im amharc d'fhís ná d'aisling.