Corpus of Electronic Texts Edition
Ná bí dom bhuaidhreadh, a bhean (Author: Unknown)

p.60

  1. 1] Ná bí dom bhuaidhreadh, a bhean,
    2] ar ghrádh th'einigh ná lean díom;
    3] madh fada, madh gearr mo ré,
    4] ná buaidhir mé tre bhith síor.
  2. 5] Iarraim féin d'athchuinghe ort,
    6] a ghnúis éadrocht na bhfolt bhfionn,
    7] ná bí dom bhuaidhreadh níos sia,
    8] gibé hionadh i mbia sionn.
  3. 9] Níor chaitheas oidhche ná lá,
    10] gidh fada gearr a-tám sunn,
    11] a throigh chéimleasg, a chúl claon,
    12] nách beitheá-sa mar-aon rum.
  4. 13] Im cholladh, a ghruaidh mar ghrís,
    14] ná tara tre fhís dom fhios;
    15] im dhúsacht, a shéaghain shuairc,
    16] ná tarr dom bhuain as mo riocht.
  5. 17] Gidh deacair damh a rádh ribh,
    18] ná faiceam sibh, ná mill mé;
    19] ó nách bhféadaim dul ón mbás
    20] ná tarr eadram is grádh Dé.
  6. 21] M'éanghrádh (thú) don uile dhúil,
    22] a shlat cheannsa do mhúin Dia;
    23] (is) mairg dhuitse do mharbh mé,
    24] 's nár mharbhas féin duine riamh.

  7. p.61

  8. 25] Mo thruaighe níor chumaoin duit,
    26] a ghéag mhíolla an ruisg ghloin;
    27] dá mbeitheá gan chéill mar tú,
    28] cian go muirfinn thú mar soin.
  9. 29] Nochan fheadar créad do-ghéan,
    30] do shearg mé do bhéal mar chaoir;
    31] mo bheannacht ort, as ucht Dé
    32] ná buaidhir mé, gabh rem thaoibh.
  10. 33] A bhéal cumhra, a chneas mar bhláth,
    34] iomdha duine a-tá ar do thí;
    35] im dhiaidh tar an uile fhear,
    36] a rún mh'anma, a bhean, ná bí.