Corpus of Electronic Texts Edition
Féach féin an obair-se, a Aodh (Author: Unknown)

p.55

  1. 1] Féach féin an obair-se, a Aodh,
    2] a mhic Bhriain, a bhláth fionnchraobh,
    3] a ghéag amhra is uaisle d'fhás,
    4] san uair-se tharla ar Thomás.
  2. 5] Luathaigh ort, ainic mise,
    6] má tá tú ler dtairise;
    7] ag so síodhruire bruaigh Bhreagh
    8] uaibh dom fhíorghuidhe ós íseal.
  3. 9] A mhic Bhriain, a bhrath mh'éigse,
    10] más díth leat mo leithéid-se,
    11] dom chabhair, a chaomhshlat ghráidh,
    12] labhair le saormhac Siúrtáin.
  4. 13] Innis dó, re gcur 'na cheann,
    14] nách mór dhaoibh, d'éigsibh Éireann,
    15] mar ghné sheise ó chraoibh Charadh
    16] meise dhaoibh do dheónaghadh.

  5. p.56

  6. 17] Ar mo thí an tan-sa ó tharla
    18] mealltóir an uird ealadhna,
    19] bíodh go ngeallfadh sé mar soin,
    20] nách meallfadh mé ná measaidh.
  7. 21] Da meastá, ní meastar liom,
    22] gadaighe fhileadh Éireann,
    23] béidleómhan do thuair mo thoil,
    24] nách éigneóbhadh uaim mh'aontaidh.
  8. 25] Dá mealltaoi ar aoi n-annsa
    26] na háith, a Aodh, oramsa
    27] le brath soibheart cuaine Cuinn,
    28] toidheacht uaidhe ní fhéadaim.
  9. 29] Minic tig ar thí ar mbréagtha
    30] Tomás i dtlacht uaithbhéalta,
    31] do cheilt ar saoireachtra sunn,
    32] i mbeirt dhraoidheachta im dhóchum.
  10. 33] Minic tig athaidh oile
    34] rem ais d'eitill sheabhcaidhe
    35] i measg cáigh d'fhuadach mh'annsa
    36] 'na ghruagach cháidh chugamsa.
  11. 37] Mar mhnaoi tháidhe i dtuighin fir
    38] minic tig sé dár soighin
    39] le briocht druadh, le diamhair ndán,
    40] dom iarraidh uam ar éaládh.
  12. 41] Tig i ndeilbh dhaonna dhuine,
    42] tig fós i bhfoirm síodhaighe,
    43] tig uair i n-ionnas taidhbhse;
    44] cionnas uaidh do anfainn-se?

  13. p.57

  14. 45] I gcéin ar chogadh clann Néill
    46] gluaistear leis, cuid dom chaithréim;
    47] sínidh ar óigh dhearbhtha dhe
    48] i ndóigh go meallfa mise.
  15. 49] It éagosg-sa, a Aodh Uí Ruairc,
    50] minic tig sunn ar saorchuairt,
    51] draig ciúntláith ór doilghe dol,
    52] oighre Siúrtáin dár siabhradh.
  16. 53] Tig dá theacht 'na Thomás féin
    54] mo chur seocham ar saoibhchéill,
    55] nó gur sguch mh'annsa dhá halt;
    56] damhsa ní guth a ghluasacht.
  17. 57] Muna bhfuil intleacht éigin
    58] agaibh d'fhurtacht mh'fhoiréigin,
    59] a sheise, a sheangadh ar ngráidh,
    60] do mealladh meise, a mhacáimh.
  18. 61] M'iomlat eadraibh níor fhéad sinn:
    62] do shearc-sa, a Aodh, im intinn
    63] ar aoi gur hiarnadh 'na shás,
    64] dom shiabhradh a-taoi, a Thomás.
  19. 65] Da mbeith sochar ruibh a rádh,
    66] coisg dhínn, a dheighmhic Siúrtáin,
    67] a rún cháigh gan chlaon n-irse,
    68] ná cráidh Aodh fám aithghin-se.
  20. 69] A Thomáis, a thocht meanmnach,
    70] a bhráighe ghill Ghoisdealbhach,
    71] sguir dhín, ní fheallabh ar mh'fhior,
    72] sín ar mhealladh na maighdean.

  21. p.58

  22. 73] Ní hionann mé is mná málla
    74] mhealltaoi, a óig andána;
    75] mo shiabhradh ní dáigh dhuibhse,
    76] a ghrianghal sháimh shamhraidh-se.
  23. 77] Ná creid cách, ní meirdreach mé;
    78] óg fuaras fios mo chéile;
    79] fada ó tharla Aodh ormsa;
    80] th'fhabhra ná claon chugamsa.
  24. 81] Bhar bhfé fia ní feirrde dhuit,
    82] aithnim thú d'aimhdheóin h'iomlait;
    83] a bhradaire, ná mill mé;
    84] fill, a ghadaighe an gháire.
  25. 85] Cosg th'álghais uaim ní bhfuighe,
    86] a bhraidín, a bhréagaire;
    87] let uaisle ná mearaigh mé;
    88] buail-se um cheanaibh gach críche.
  26. 89] A shaoirmhic Shiúrtáin bhuidhe,
    90] a bhláth coilleadh cumhraidhe,
    91] ar ghaol, ar chrodh ná ar choimse
    92] dol ó Aodh ní fhéadaim-se.
  27. 93] Ar n-aonta ó nách uair tusa,
    94] crom ar do cheird dúthchasa;
    95] móraigh brígh an Chraoi-se Cuinn,
    96] a Naoise ó nÍr ar fhoghlaim.
  28. 97] A Mhanannáin múir Logha,
    98] a Aonghais an fhionnBhrogha,
    99] a Shioghmhaill na gceard gcuimse,
    100] a Fhionnbhairr chealg gcogair-se.

  29. p.59

  30. 101] A eagna Chormaic uí Chuinn,
    102] a fháithchiall oighre Cumhaill,
    103] a sheinm cor, a cheard Guaire,
    104] a fhearg Con na Craobhruaidhe.
  31. 105] A thuairgnidh coitcheann catha,
    106] a mhéadaightheóir mórratha,
    107] a linn na n-uile n-ana,
    108] a chinn uidhe an eangnamha.
  32. 109] A chrann seasmhach seóil troide,
    110] a rún díobhaidh dochraide,
    111] a bhrúcht buinne, a bheadhg nimhe
    112] a fhearg tuinne tairpighe.
  33. 113] A theanchair ghríosaighe an ghráidh,
    114] a ghlór le mbréagthar bandáil,
    115] a phost gáidh cagaidh d'íbh Cuinn,
    116] má táim agaibh, ní admhaim.
  34. 117] A Thomáis, d'aithle mh'ionnlaigh,
    118] a chuingidh chrú Choisdealbhaigh,
    119] atá ar gcridhe dhá rádh rinn,
    120] do ghrádh d'ibhe, dhá n-ibhinn.
  35. 117] Mo bheannacht leat óm lántoil,
    118] a dheaghua dil Dubháltaigh;
    119] a bhúidh bharrghloin, ná bréag mé,
    120] ná damnaigh d'éad ar nAoidhne.
  36. 117] Sgarthain libh gidh tuar tuirse,
    118] ag so Aodh dom fhéachain-se;
    119] luathaigh thoram (truagh an airc!),
    120] mo-nuar, oram ná hamhairc.