Corpus of Electronic Texts Edition
Truagh mo dháil le deich laithibh (Author: Tadhg Dall O hUiginn)
p.54
- 1] Truagh mo dháil le deich laithibh,
2] mise is ise i n-éanchaithir
3] gan cead amhairc a gruadh ngeal
4] ná (a) radhairc uam ós iseal.
- 5] Ní raibh ar breith dhi ná dhamh
6] labhairt re chéile i gcogar
7] gan cách oile d'aithne ar locht,
8] ná aighthe ar-oile d'amharc.
- 9] Ní fhéadmaois dá heagla féin
10] dul i ngar dá gnúis shoiléir;
11] gion go bhféadmais teacht don tigh,
12] teacht 'na héagmhais níor-bh'fhéidir.
- 13] Do bhí d'iomad na hannsa,
14] 's do bhí d'uamhan oramsa,
15] mo chóig céadfadha do cheilt
16] don bhéaltana óig oirdheirc.
- 17] Níor léig sí gáire ná gul
18] ná colladh dhamh ná dúsgadh;
19] socht ná labhradh níor lamhas;
20] bocht amhghar an t-amharas.
- 21] Mo mhallacht lé! níor léig damh
22] tógbháil mo chinn ná a chromadh,
23] rún mo chroidhe dá cneas seang,
24] ná meas an toighe timcheall.
p.55
- 25] Uch! nár mhaithe Dia dhise
26] bheith ag crádh mo chroidhe-se;
27] ná tí le a corp creach mo bhall,
28] 's ná deach i n-olc dá hanam.
- 29] Gruaidh mar chorcair, cneas mar bhláth,
30] uch, is aoibhinn don óglách
31] nár fhéagh an eala niamhdha,
32] béal meala is maillbhriathra.