Corpus of Electronic Texts Edition
An gcluine mé, a mhacaoimh mná?, (Author: unknown)

p.52

  1. 1] An gcluine mé, a mhacaoimh mná?
    2] cuir do chomhrádh ar athlá;
    3] a fholt géagglan buidhe búidh,
    4] duine éadmhar ní hionrúin.
  2. 5] Léig dod chomhrádh, seachain sinn,
    6] an go fóill, féach id thimchill;
    7] sguir dhín, ná tarr dár dtadhall,
    8] bídh am ag an uraghall.
  3. 9] Beag an fáth fá bhfaghthar guth,
    10] seachain tú! ná tuill t'ionnlach;
    11] im aice ná suidh mar soin, —
    12] an bhfaice a bhfuil dár bhféachain?
  4. 13] Druid siar! ná suidh im fharradh;
    14] atáid cách, ad-chualamar,
    15] a chiabh nocht na bhfoighéag bhfionn,
    16] i gcoimhéad ort ós íseall.

  5. p.53

  6. 17] Ní fhuil ar breith dhuit ná dhamh
    18] (a Mhuire! is mór an t-amhghar)
    19] gidh beag, cor do láimhe im láimh;
    20] mo náire a dhol dod dhíoghbháil.
  7. 21] Ó nách bhfuil dod dhreich dhealbhaigh
    22] cead suirghe ná sibheanraidh,
    23] truagh, agus Ére ar h'aghaidh,
    24] an céle rer cheanglabhair.
  8. 25] Mise gach laoi id leanmhain,
    26] tusa gan chead gceileabhraidh;
    27] a chúl druimneach do mhill mé,
    28] sinn i gcuibhreach re chéle.
  9. 29] Fada liom, ní lugha lat,
    30] gan cead uraghaill agat;
    31] a fholt fiar ina bhfoil fad,
    32] ní bhiam mar soin acht sealad.
  10. 33] Congaibh bhós do bhéal 'na thocht,
    34] gearr, thrá, go bhfuigheam furtacht;
    35] ó taoi i láimh ná labhair linn,
    36] anaidh mar tháidh id thoirrchim.
  11. 37] Re feadh an laoi ná labhair;
    38] bí go banda banamhail;
    39] fuilngidh in bhar dtost is-tigh,
    40] cuibhrigh do rosg a-réigin.