Corpus of Electronic Texts Edition
Soraidh slán don oidhche a-réir (Author: Niall Mór Mac Muireadhaigh)
p.51
- 1] Soraidh slán don oidhche a-réir,
2] fada géar ag dul ar gcúl;
3] dá ndáiltí mo chur i gcroich,
4] is truagh nách í a-nocht a tús.
- 5] Atáid dias is tigh-se a-nocht
6] ar nách ceileann rosg a rún;
7] gion go bhfuilid béal re béal,
8] is géar géar silleadh a súl.
- 9] Tocht an ní chuireas an chiall
10] ar shilleadh siubhlach na súl;
11] cá feirrde an tocht do-ní an béal
12] sgéal do-ní an rosg ar a rún?
- 13] Uch, ní léigid lucht na mbréag
14] smid tar mo bhéal, a rosg mall;
15] tuig an ní(-se) adeir mo shúil,
16] agus tú insan chúil úd thall;
p.52
- 17] "Cuinnibh dhúinn an oidhche a-nocht,
18] truagh gan sinn mar so go brách;
19] ná léig an mhaidean is-teach,
20] éirigh 's cuir a-mach an lá!"
- 21] Uch, a Mhuire, a bhuime sheang,
22] ós tú is ceann ar gach cléir,
23] tárthaigh agus gabh mo lámh,
24] soraidh slán don oidhche a-réir!