Corpus of Electronic Texts Edition
A dhuine chollas go sáimh (Author: unknown)
p.45
- 1] A dhuine chollas go sáimh,
2] ní hionann dáil damhsa is duit;
3] is lór dhíbh bhar méad do rígh,
4] ní tharla an grádh ar tí h'uilc.
- 5] Mór na tiodhlaicthe fuair tú,
6] do damnaigheadh don tnúth inn;
7] ní comhairleach ort an grádh,
8] ní hionann is mar tá rinn.
- 9] Do rinne Dia grása ort,
10] ní tusa an bocht lán do phén,
11] ní chluinim h'osnadh ná h'uch,
12] níor thrég tusa do chruth fén.
- 13] Fá-ríor! ní hionann 's ar nós,
14] (breth a bhuidhe ní mór dhuit!)
15] ní heagail ribh gan dul d'éag,
16] ní hionann is méad ar n-uilc.
- 17] Peannaid shíordhaidhe mo ghlóir,
18] mallacht sinsir do chóidh fúinn;
19] fada go gcredfinn ón bhás
20] go bhfuil oidhidh i ndán dúinn.
- 21] Beag dom dhonas nár mhúin mé
22] gach a gcuala i bpén ón ghrádh;
23] do shaoil mise nách beinn leamh,
24] 's do-rinneadh leam fear-mar-chách.
p.46
- 25] Gidh mór an truaighe mar tám,
26] ná caoineadh cách méad mo phian;
27] cead leam ar chlaochló dom chruth,
28] maith is neasa don ulc riamh.
- 29] Do dhealaigh rium éag go bráth;
30] dár mbeth slán do cuireadh súil;
31] mé gach éanlá i dtós mo phian,
32] míle bliadhan gach dia dhúin.
- 33] Ní críonna na daoine-se lán do chéll
34] Re saoiltear nách ríoghacht mar tám i bpén;
35] An chnaoi-bheatha a mbím-se is do ghrásaibh Dé;
36] Ní haoibhneas ní ar bith ach bás gan éag!