Corpus of Electronic Texts Edition
A bhean na gcíoch gcórrsholas (Author: unknown)
p.41
- 1] A bhean na gcíoch gcórrsholas,
2] noch do chonnarc ó chianaibh,
3] mo bheith ag coill th'óghachta
4] badh aoibhne leam 'ná iarlacht.
- 5] Mairg do nocht im ghoire-se
6] th'ucht is do chíocha corra;
7] mó do threaghd mo chroidhe-se
8] mar do fhéachamar ortha.
- 9] A Dhé, is beag dom dhonas-sa
10] i measg an tighe uile
11] féachain ar th'ucht solas-sa
12] ré ndul dom leabaidh luighe.
- 13] Níor chollas uair d'éanoíche,
14] ó tharla mh'aire ar th'fhéachain,
15] gan osna nó éagcaoine
16] fád cheann-sa, a dhreach dhéadla.
- 17] Mé d'fhéachain ar th'aolucht-sa
18] truagh nár dalladh mé ruimhe;
19] mór do ghearr dom shaoghal-sa
20] féachain an ochta gil-se.
p.42
- 21] Ní tug cú dá céadchuaine,
22] ná lacha do linn uisge,
23] ná bean d'fhear (na h)éanuaire
24] oiread mo ghrádha dhuitse.
- 25] Bím le hiomad t'ionmhaine
26] ag tuile bhróin dom báthadh;
27] mh'fhortacht, a chúl fionnbhuidhe,
28] ní thiocfa do shíol Ádhaimh.
- 29] Mar bhím gan do radharc-sa,
30] ní fhuilngim bheith it éagmhais;
31] bheith trian uaire it amharc-sa
32] ní fhéadaim, a shaor shéaghain.
- 33] Mo chroidhe do roghortaigh
34] méad mo ghráidh dod dhreich gcoimhthe
35] dóthain phrionnsa d'osnadhaigh
36] do-géabhthar uaim gach n-oidhche.
- 37] Bím ag iarraidh uaigneasa
38] mar fhortacht mór dom aigneadh;
39] do bheith ort ag smuainteaghadh
40] ní fhéadaim cách do chaidreamh.
- 41] Ní chreidim uaidh aonluighe,
42] gé madh eólach é ortsa,
43] damh dá ndearbhadh aonduine
44] nách tú is áille san domhan.
- 45] Ní chreidfinn ó phríomhfháidhibh
46] go dtáinig do shíol Ádhaimh
47] aonainnir ba fíoráille
48] ná thusa, a throigh bhántais.
p.43
- 49] Go ríomhthar na réaltana,
50] nó drúcht ar féar faichthe,
51] trian mo ghrádha éagmhaise
52] go brách ní fhéadfainn d'aithris.
- 53] Snámh i n-aghaidh tréantuile,
54] nó is cur gaid um ghainimh,
55] cur rem leigheas d'éanduine
56] ón toil don mhnaoi do radas.
- 57] Nách nár don mhnaoi shéaghain-se
58] bheith dom mhealladh gan adhbhar
59] 's nár mheallas féin éanduine
60] do mhnáibh ná d'fhearaibh talmhan.
- 61] Mar táim d'éis a grádhaighthe,
62] uaidh muna fhaghar fortacht,
63] deimhin damh go háirithe
64] go dtiocfa dhe mo dhochar.
- 65] Coll is nion go nuaghloine,
66] is dá choll ar n-a gceangal,
67] ruis is coll go cruadhshnoighthe,
68] ainm na mná so dom mhealladh.
- 69] Gibé bhias re síorthuigse,
70] atá an sloinneadh re leanmhain
71] mar ainm ar shruth fhíoruisge
72] thiar isan Mumhain meadhraigh.
- 73] Bean do-ní mo dhochar-sa
74] ó nách lamhaim a guidhe,
75] mé d'fhortacht ón rothoil-se
76] sirim ar Oighre Muire.