Corpus of Electronic Texts Edition
Atá grádh nách admhaim oirn (Author: Tadhg mac Diarmada Ó Dálaigh)

p.40

  1. 1] Atá grádh nách admhaim oirn,
    2] grádh mná nách abraim a hainm,
    3] don troigh ghealúir, don mhín mheirbh
    4] don deilbh shídh, don mhearshúil mhairbh.
  2. 5] Eala mhálla go néimh naoi
    6] do bhláth bhréige an bheatha cé,
    7] corp seang is soineanta lí,
    8] doimheallta í, is do mheall mé.
  3. 9] Ní truaighe, ní truime páis
    10] mar smuainim uirre tre fhís;
    11] uch! mon-uar sinn bocht dá héis,
    12] corp mar ghéis is gruadh mar ghrís.
  4. 13] Gnúis déadbhán is dile liom,
    14] mo chéadghrádh cridhe im chom,
    15] rosg glas gan cháidhe 'na chionn,
    16] is fionn bráighe, bas is bonn.
  5. 17] Ionmhain tagra milis mall
    18] cantar san inis is fhearr;
    19] ionmhain leaba chíoghbhán chorr,
    20] míonchlár trom (is) seada seang.
  6. 21] Ríoghan ghrianda iomshlán óg,
    22] biad-sa dá hiomrádh go héag,
    23] cúl fionnbhuidhe, folt na lúb,
    24] a locht súd siobhlaighe a séad.

  7. p.41

  8. 25] Ciall mo mhillte is lia 's is lia
    26] i mbriathraibh milse na mná;
    27] a gruaidh shíodh tré choir crú
    28] dom ghoin a-nú tríom a-tá.