Corpus of Electronic Texts Edition
Och! och! a Mhuire bhúidh (Author: Domnall Mac Carthaigh)

p.38

  1. 1] Och! och! a Mhuire bhúidh,
    2] a Bhuime Dé,
    3] tugas grádh m'anma do mhnaoi
    4] ler marbhadh mé.
  2. 5] Atá an toil, a Mhuire mhór,
    6] 'na tuile thréin;
    7] do mharbh sin do láthair mé,
    8] a Mháthair Dé.
  3. 9] Tugas grádh m'anma do mhnaoi,
    10] ach! a Dhé,
    11] 's ní ráinig liom a innsin dí
    12] gur milleadh mé.
  4. 13] Grádh dá geilchígh is gile gné,
    14] mar lile ar lí,
    15] 's dá folt dualach druimneach dlúth
    16] is ualach dí.
  5. 17] Grádh dá gealghnúis chriostail mar rós,
    18] nár chiontaigh re haon,
    19] 's dá dhá gealghlaic leabhra lúith
    20] ler mealladh mé.

  6. p.39

  7. 21] Rug a haolchorp sleamhain slán
    22] mo mheabhair uaim;
    23] milseacht a gotha 's a glóir,
    24] mé im othar uaidh.
  8. 25] Atáim 'na diaidh, ochán, och!
    26] im bhochtán bhocht;
    27] truagh gan an sluagh-sa ar mo leacht
    28] ag cruachadh cloch.
  9. 29] Truagh gan bráithre ag mianán orm
    30] re siansán salm,
    31] ó tharla mé, a Mhuire mheirbh,
    32] im dhuine mharbh.
  10. 33] Amhrán a béil, bile mar rós,
    34] milis mar thúis,
    35] do chuir mé ar buile báis, —
    36] cá cruinne cúis?
  11. 37] A ógh ler cheanglas mo chruth,
    38] do cheanglais mo chorp;
    39] féach do réir chéille agus chirt
    40] ar n-éiric ort.
  12. 41] Fóir mé, ós féidir leat,
    42] a ghéag gan locht;
    43] fóir mé le comhrádh do chuirp,
    44] ochán, och!